Lamháltas

I gcásanna áirithe, ceadaítear leis an riail lamháltais úsáid theoranta a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh nach gceadófaí murach sin faoin riail tháirgeshonrach, faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos sa socrú ábhartha. De ghnáth, ceadaítear leis an riail lamháltais sin céatadán sonrach d’ábhair neamhthionscnaimh a úsáid fiú má tá sé srianta ag athrú ar an riail maidir le haicmiú taraife nó ag ceanglas sonrach maidir le próiseas táirgthe.

Is féidir a mheas fós go gcomhlíonann an táirge an riail tionscnaimh is infheidhme mura sáraíonn luach na n-ábhar neamhthionscnaimh céatadán sonrach (10 nó 15 % de ghnáth) de na nithe seo a leanas:

  • luach phraghas an táirge deiridh díreach ón monarcha, nó
  • meáchan an táirge deiridh

Cuirtear lamháltas ginearálta i bhfeidhm mar a leanas:

  • Má chuirtear an riail maidir le ‘hathrú ar aicmiú taraife’ i bhfeidhm, ceadaítear leis an lamháltas úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh a bhfuil na ceannteidil taraife chéanna acu agus atá ag an táirge deiridh – ar choinníoll nach mó luach na n-ábhar sin ná an tairseach lamháltais.
  • Má chuirtear an riail maidir le ‘monarú ó tháirgí áirithe’ i bhfeidhm, ceadaítear leis an lamháltas úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh ar céim níos déanaí den táirgeadh iad – ar choinníoll nach mó a luach ná an tairseach lamháltais.
  • I gcás ina sonraítear i riail an liosta nach mór na hábhair a úsáidtear sa táirgeadh a fháil go hiomlán, tá feidhm ag an lamháltas maidir le suim na n-ábhar sin. Mar sin féin, níl lamháltas le cur i bhfeidhm maidir le táirgí a fuarthas go hiomlán de réir bhrí na forála maidir le ‘Táirgí a fuarthas go hiomlán’ sna socruithe fabhracha trádála.
  • Má tá uaschéatadán bunaithe ar luach nó ar mheáchan an táirge sa riail tionscnaimh tháirgeshonrach cheana féin, ní féidir an riail lamháltais a úsáid chun an céatadán sin a mhéadú. Sa chás sin, beidh feidhm ag an uaschéatadán a shainítear sna rialacha tionscnaimh táirgeshonracha.

Tá feidhm ag rialacha sonracha lamháltais maidir le teicstílí agus earraí teicstíle i gCaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe in ionad na rialach ginearálta lamháltais. Áirítear na rialacha sin go ginearálta sna nótaí tosaigh a ghabhann leis na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha i ngach comhaontú.