Téarma gluaise:

Oibriú nó próiseáil leordhóthanach

Tagraíonn sé do tháirgí a táirgeadh trí úsáid a bhaint as ábhair neamhthionscnaimh nó a próiseáladh go páirteach thar lear. Tá liosta sna rialacha tionscnaimh a áirítear i socruithe fabhracha trádála lena mbunaítear, i gcás gach táirge, na hoibríochtaí próiseála is gá a dhéanamh sa tír chomhpháirtíochta chun go measfar gur táirge tionscnaimh é an táirge.

Ábhar gaolmhar:

Rialacha tionscnaimh