Tíortha nua, faisnéis nua maidir le seirbhísí agus infheistíocht
Ag smaoineamh ar sheirbhísí a easpórtáil lasmuigh den Aontas Eorpach? Tá mo Chúntóir Trádála le haghaidh Seirbhísí agus Infheistíochta anseo chun cabhrú leat. Féach leat faisnéis shothuigthe maidir le 100 earnáil seirbhísí ar fud 12 mhargadh: An Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Hong Cong, an India, an tSeapáin, Meicsiceo, an Iorua, an Afraic Theas, an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe, agus na Stáit Aontaithe. Seiceáil na príomhriachtanais is gá duit a chomhlíonadh, faigh naisc úsáideacha, agus téigh i dteagmháil leis na húdaráis chearta – iad uile in aon áit amháin.