Scéal na cuideachta:

Cothroime iomaíochta san Úcráin á cothromú ag comhaontuithe an Aontais

Ó tugadh comhaontú trádála an Aontais leis an Úcráin i gcrích in 2016, tá athruithe feicthe againn ar mhaithe le
Dušan Kožušník, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Compelson

Is fadhbanna idirnáisiúnta iad an choireacht agus an sceimhlitheoireacht agus is mian le Compelson, atá lonnaithe i bPrág na Seicia, réitigh idirnáisiúnta a thabhairt isteach chun saoránaigh a choinneáil slán. Soláthraíonn an chuideachta bogearraí a chumasaíonn imscrúdú fóiréinseach ar fhóin phóca, a úsáideann na póilíní chun críocha ceartais choiriúil. Ó tugadh isteach an comhaontú trádála leis an Úcráin in 2016, tá Compelson tar éis leas a bhaint as páipéarachas laghdaithe agus é ag trádáil leis an tír seo. Ba é an buntáiste ba mhó, áfach, trédhearcacht níos fearr sa soláthar poiblí agus, mar thoradh air sin, rochtain níos fearr ar chonarthaí ardleibhéil. Foilsítear na conarthaí sin go hoscailte anois lena gceadaítear do sholáthróirí san Úcráin agus san Aontas tairiscint a dhéanamh ar chothrom iomaíochta. Féach ar an bhfíseán chun a fháil amach conas is féidir le do ghnólacht tairbhe a bhaint as comhaontuithe trádála an Aontais freisin.