Scéal na cuideachta:

Meiriceá Láir a dhéanamh fionnuar arís

“Ní dócha go mbeadh trádáil á déanamh againn i bPanama gan an comhaontú trádála”

Hans de Haas, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Thermaflex

Maidir le cuideachta na hÍsiltíre, Thermaflex, tá margaí oscailte ag Comhaontú Comhlachais AE-Meiriceá Láir nach smaoineoidís orthu gan comhaontú a bheith i bhfeidhm. Sa lá atá inniu ann, tá réitigh téimh, fuaraithe agus sláintíochta Thermaflex ag freastal ar shaoráidí leighis, óstáin, siopaí miondíola agus foirgnimh chónaithe sa réigiún seo a raibh na Stáit Aontaithe i gceannas orthu uair amháin. Leis an gcomhaontú trádála, baineadh 99 % de na dleachtanna ar earraí tionsclaíocha agus cuireadh deiseanna soláthair phoiblí ar fáil, rud a chuir ar chumas an ghnólachta sin de chuid an Aontais dul in iomaíocht le soláthróirí áitiúla agus SAM ar chothrom iomaíochta. Féach ar an bhfíseán le feiceáil conas is féidir le do ghnó tairbhe a bhaint as freisin.