Téarma gluaise:

Carnadh

Foráil faoi chomhaontuithe trádála lena gceadaítear earraí de thionscnamh thír A agus a ndéantar próiseáil bhreise orthu nó a chuirtear le táirgí de thionscnamh thír B, a mheas mar earraí de thionscnamh thír B.

Dá bhrí sin, tugann sé solúbthacht do tháirgeoirí i dtéarmaí ionchuir agus páirteanna a fhoinsiú, rud a chuireann ar a gcumas ionchuir agus páirteanna ó sholáthróirí atá lonnaithe i dtíortha comhpháirtíochta eile a úsáid agus cáiliú fós le haghaidh taraifí fabhracha. Tá ceithre chineál carntha ann: carnadh déthaobhach, trasnánach, réigiúnach agus iomlán.

Ábhar gaolmhar:

Rialacha tionscnaimh