Infheistíocht

Is é an tAontas príomhfhoinse agus príomhcheann scríbe na hinfheistíochta dírí coigríche (IDC) ar domhan. Tá ról bunúsach ag IDC isteach agus amach maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, deiseanna gnó, fostaíocht, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a ghiniúint. Tá sé ríthábhachtach freisin sreafaí méadaithe IDC a mhealladh chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha. Ina theannta sin, tá borradh a chur faoin infheistíocht inbhuanaithe san Afraic ar cheann de na gníomhaíochtaí a mholtar sa Teachtaireacht ón Aontas dar teideal Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic].

Tá ceann de na córais infheistíochta dírí coigríche is oscailte agus is trédhearcaí ar domhan ag an Aontas. Is ionann stoic IDC atá i seilbh infheisteoirí tríú tír san Aontas agus thart ar €7,446 billiún ag deireadh 2023. Infheistíonn gnólachtaí nó daoine aonair i dtír eile chun a dtáirgeadh a aimsiú i suíomhanna costéifeachtacha nó ardscileanna, chun comhpháirteanna nó amhábhair a fhoinsiú nó chun dul níos gaire dá gcustaiméirí. I gcás an Aontais, ciallaíonn sé sin rochtain ar Mhargadh Aonair an-chomhtháite ina bhfuil 440 milliún tomhaltóir.

Coinníonn an tAontas ardchaighdeáin chun infheistíocht ina chríoch a chosaint agus mar chúiteamh air sin féachann sé le timpeallacht infheistíochta tharraingteach chomhchosúil a chruthú d’infheistíochtaí agus d’infheisteoirí an Aontais thar lear. 

Infheistiú san Aontas Eorpach

Más mian leat infheistíocht a dhéanamh san Aontas, gheobhaidh tú anseo na naisc ábhartha chuig suíomhanna gréasáin Ghníomhaireachtaí Cur Chun Cinn Infheistíochta Bhallstáit an Aontais a sholáthraíonn faisnéis faoi na deiseanna infheistíochta, na bearta atá le déanamh, agus na rialacha is infheidhme.

Infheistíocht a dhéanamh thar lear

B’ionann stoic IDC arna sealbhú sa chuid eile den domhan ag infheisteoirí a bhfuil cónaí orthu san Aontas agus €9,160 billiún ag deireadh 2023. Saothraítear beartas infheistíochta an Aontais trí chaibidlíocht (e.g. an Astráil, an tSín, an Indinéis agus an tSeapáin) agus trí chomhaontuithe déthaobhacha a chur chun feidhme nó trí chomhar i bhfóraim idirnáisiúnta (e.g. ECFE, UNCTAD, an Conradh um Chairt Fuinnimh agus EDT). Ina bheartas infheistíochta, tá sé d’aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cothrom iomaíochta a áirithiú ionas gur féidir le hinfheisteoirí an Aontais rochtain a fháil ar mhargaí eachtracha, nach ndéantar idirdhealú orthu ná nach dtugtar drochíde dóibh
  • é a dhéanamh níos éasca infheistíocht a dhéanamh ionas go bhféadfaidh infheisteoirí an Aontais thar lear tairbhe a bhaint as timpeallacht ghnó níos intuartha agus níos trédhearcaí
  • infheistíocht a chur chun cinn a thacaíonn leis an bhforbairt inbhuanaithe, le hurraim do chearta an duine agus le hardchaighdeáin saothair agus chomhshaoil