Ceanglais táirge

Ní mór do tháirgí a allmhairítear isteach san Aontas agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais an Aontais a chomhlíonadh chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe, an comhshaol agus cearta tomhaltóirí a chosaint. Nuair a dhéantar táirge a thrádáil, d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir bearta rialaithe éagsúla, ceadúnú allmhairiúcháin nó córais trádála shonracha eile.

Cé go gcomhchuibhítear na ceanglais maidir le 85 % de na táirgí san Aontas, tá rialacha táirgí ann freisin nach bhfuil feidhm acu ach ar an leibhéal náisiúnta.

  • Is féidir leat teacht ar rialacha agus ceanglais chomhchuibhithe shonracha an Aontais maidir le do tháirge i Mo Chúntóir Trádála, arna gcomhlánú le faisnéis faoi na húdaráis inniúla agus faoin reachtaíocht ábhartha i mBallstáit an Aontais.
  • Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na rialacha agus na rialacháin maidir le táirgí le haghaidh earraí nach bhfuil feidhm acu ach ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na ‘pointíteagmhála táirgí’,mar a thugtar orthu, atá bunaithe ag gach tír den Aontas.

 

Cuimhnigh nach gá duit ach cloí leis na rialacha is infheidhme sa tír den Aontas ina bhfuil sé beartaithe agat do tháirge a chur ar an margadh.

Úsáid Mo Chúntóir Trádála chun teacht ar

  • nósanna imeachta iompórtála agus foirmiúlachtaí agus forálacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le do tháirgí allmhairithe;
  • nósanna imeachta custaim agus samplaí de na doiciméid riachtanacha;
  • údaráis inniúla náisiúnta.

Toirmisc agus Srianta (P&R)

Déanann údaráis chustaim agus údaráis eile rialuithe ag teorainneacha an Aontais chun an iliomad ceanglas éagsúil sin a fhorfheidhmiú faoi bheartais earnála, ar a dtugtar ‘toirmisc agus srianta’ (P&R). Is féidir tuilleadh faisnéise faoi P&R, lena n-áirítear ‘Liosta Comhtháite P&R an Aontais’ le gach P&R, a fháil faoi Thoirmisc agus Srianta .