Seirbhísí - staidreamh

Is iad na seirbhísí cnámh droma gheilleagar an Aontais. Áirítear orthu sin réimse leathan earnálacha, amhail seirbhísí iompair, seirbhísí teileachumarsáide, seirbhísí gairmiúla, seirbhísí airgeadais, seirbhísí poist agus cúiréireachta, seirbhísí miondíola agus dáileacháin, seirbhísí comhshaoil agus turasóireacht.

Is ionann trádáil seirbhísí agus níos mó ná aon trian de chomhluach iomlán trádála earraí agus seirbhísí an Aontais. Tá méadú ag teacht le deich mbliana anuas ar thábhacht na trádála i seirbhísí do gheilleagar an Aontais, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann léi i gcoibhneas le trádáil in earraí.

In 2023, b’ionann luach onnmhairí seirbhísí an Aontais agus €1 427 mbilliún (+1,6 % i gcomparáid le 2022), agus b’ionann luach allmhairí seirbhísí agus €1 274 bhilliún (+ 4,1 % i gcomparáid le 2022). Fágann sé sin gurb é an tAontas an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir seirbhísí is mó ar domhan, agus thart ar 25% den trádáil dhomhanda i seirbhísí aige.

Trádáil i Seirbhísí AE27 le tíortha lasmuigh de AE27

In 2023, ba iad seo a leanas na 5 cheann scríbe ba mhó le haghaidh onnmhairí seirbhísí an Aontais:

  • Stáit Aontaithe Mheiriceá (22.3%)
  • An Ríocht Aontaithe (19.6%)
  • An Eilvéis (10.8%)
  • An tSín (4.1%)
  • An tSeapáin (2.6%)

Na 10 gcomhpháirtí is mó atá ag an Aontas maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí 2023

In 2023, ba iad seo a leanas na príomhearnálacha seirbhísí a onnmhairíodh ón Aontas:

  • seirbhísí gnó eile - i.e., Seirbhísí taighde agus forbartha, Seirbhísí comhairliúcháin gairmiúla agus bainistíochta, agus Seirbhísí teicniúla, seirbhísí a bhaineann le trádáil agus seirbhísí gnó eile (23,9%)
  • seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise (20,7%)
  • seirbhísí iompair (17,2%)
  • seirbhísí taistil (12,6%)
  • seirbhísí airgeadais (7,1%)

Chun comparáid a dhéanamh, shroich onnmhairí agraibhia iomlána an Aontais €228.6 billiún in 2023, méid a bhí beagán níos lú ná onnmhairí seirbhísí iompair an Aontais.

Príomhearnálacha seirbhísí a onnmhairíodh ón Aontas in 2023

Is é an tAontas Eorpach an t-infheisteoir is mó ar domhan. Is ionann seirbhísí agus níos mó ná 70 % d’Infheistíocht Dhíreach Eachtrach an Aontais thar lear.

Tagann staitisticí maidir le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí a chuirtear i láthair ar an leathanach seo ó Eurostat agus déanann siad taifead ar na hidirbhearta seirbhísí a tharlaíonn idir cónaitheoirí Bhallstáit an Aontais agus cónaitheoirí ó thíortha nach Ballstáit iad.

Soláthraíonn na staitisticí sin na luachanna airgeadaíochta de réir an chineáil seirbhíse agus de réir na tíre comhpháirtíochta, bunaithe ar na hidirbhearta arna dtaifeadadh faoi chomhardú íocaíochtaí tíre.

Chun tuilleadh staidrimh a fháil maidir le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí, féach na naisc seo a leanas: