Aicmiú táirgí
Déantar gach táirge a onnmhairítear nó a allmhairítear a aicmiú faoi chód táirge nó taraife. Cinntear leis an aicmiú cé na taraifí agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le táirge i dtír shonrach. Tugtar faisnéis sna cóid táirge maidir leis an méid seo a leanas:
- na rátaí taraife;
- na cánacha agus, más ann dóibh, na dleachtanna breise;
- aon bhearta cosanta trádála is infheidhme (e.g. frithdhumpáil)
- foirmiúlachtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus bearta neamhtharaife eile (deimhnithe sláinte, rialuithe cáilíochta, deimhniú, etc.)
Tugtar an Córas Comhchuibhithe (CC) ar an gcóras aicmithe domhanda. Is córas é a d’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) agus tá níos mó ná 5,000 grúpa tráchtearraí ann. Eagraítear é i struchtúr ordlathach de réir:
- 21 roinn
- 97 gcaibidil (2 dhigit)
- thart ar 1,200 ceannteideal (4 dhigit)
- níos mó ná 5,000 fo-cheannteideal (6 dhigit).
Tacaítear leis le rialacha maidir le léirmhíniú agus nótaí míniúcháin. Cuireann beagnach gach tír an Córas Comhchuibhithe i bhfeidhm mar a léirítear in ainmníocht arna coinneáil ar bun ag EDC.
Is córas códaithe ocht ndigit í Ainmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (AE), ina bhfuil cóid HS ina bhfuil foranna breise AE agus nótaí dlíthiúla a cruthaíodh go sonrach do riachtanais AE.