Comhaontú Comhlachais AE-Mharacó

Tá tábhacht leis an gcaidreamh trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus Maracó: is é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála Mharacó, agus in éineacht leis an Ailgéir, is é Maracó an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas i measc thíortha Chomharsanacht an Deiscirt. Is é an tAontas an t-infheisteoir coigríche is mó i Maracó freisin.

Tháinig an Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara idir AE agus Maracó i bhfeidhm in 2000 agus cruthaíodh Limistéar Saorthrádála idir AE agus Maracó leis.

 

I gcás Mharacó, cumhdaítear na rialacha tionscnaimh i bPrótacal 4, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2011.

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) in 2013. Bhí Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta a rinne conraitheoir neamhspleách ag gabháil le seoladh na caibidlíochta. Tionóladh an babhta caibidlíochta deireanach i mí Aibreáin 2014, agus ina dhiaidh sin cuireadh an chaibidlíocht ar feitheamh arna iarraidh sin do Mharacó.

Tá tuilleadh eolais faoi Mharacó ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála.

Naisc úsáideacha

Deasca cabhracha trádála réigiúnacha

Roinn an leathanach seo: