Trádáil dhigiteach i gcomhaontuithe trádála an Aontais

Ar mhaith leat trádáil agus gnó a dhéanamh go digiteach?Foghlaim anseo faoi fhorálacha maidir le trádáil dhigiteach i gcomhaontuithe trádála an Aontais agus faisnéis a fháil do chuideachtaí ar spéis leo trádáil dhigiteach a dhéanamh.

Arbh eol duit go bhfuil an trádáil dhigiteach ag éirí níos tábhachtaí i gcomhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh, agus go dtugann FTAnna AE a bhí ann le déanaí aghaidh ar réimse leathan saincheisteanna trádála digití?

  • ba é an chéad chomhaontú trádála de chuid an Aontais a raibh caibidil ríomhthráchtála ann ná an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agusCARIFORUM (EPA), a síníodh in 2008
  • ó shin i leith, tá an tsaincheist clúdaithe ag an Aontas go comhsheasmhach mar ghné thábhachtach dá bheartas trádála agus dá chaibidlíocht le tríú páirtithe
  • le blianta beaga anuas, d’fhorbair an tAontas Teideal uaillmhianach maidir le Trádáil Dhigiteach a mhol sé i ngach caibidlíocht FTA
  • is é is aidhm do na disciplíní sin intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí mar aon le timpeallacht shlán ar líne do thomhaltóirí – tá sé mar aidhm leo freisin deireadh a chur le bacainní gan údar ar thrádáil dhigiteach

 

Áirítear ar phríomhghnéithe chur chuige an Aontais i leith na trádála digití

  • gan aon dleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha
  • sreafaí sonraí agus toirmeasc ar cheanglais logánaithe sonraí
  • cosaint tomhaltóirí agus cosaint ar chumarsáid maidir le margaíocht dhíreach gan iarraidh
  • forálacha maidir le conarthaí a thabhairt i gcrích trí mheán leictreonach agus ríomhshínithe
  • cosaint an chóid foinse bogearraí
  • comhar agus idirphlé rialála

Go traidisiúnta, chuimsigh an tAontas Eorpach tagairtí d’idirphlé rialála ina chomhaontuithe trádála déthaobhacha.Is féidir leo rannchuidiú le forbairt na ríomhthráchtála a éascú, go háirithe ar mhaithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Sa roinn a leanas, gheobhaidh tú forléargas ar fhorálacha tábhachtacha eile r-thráchtála atá i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha an Aontais

  • bacainní gan údar ar ríomhthráchtáil a bhaint, lena n-áirítear trí dhleachtanna custaim, muirir agus táillí ar tharchur leictreonach a thoirmeasc – ní chuireann sé sin cosc ar mhuirir inmheánacha a fhorchur, amhail cánacha inmheánacha
  • áirítear i gcomhaontuithe trádála an Aontais prionsabal an gan réamhúdarú, lena gcuirtear toirmeasc ar nósanna imeachta údarúcháin a dhíríonn go sonrach ar sheirbhísí ar líne ar chúiseanna cosantacha
  • modhanna fíordheimhnithe leictreonacha agus ríomhshínithe a chumhdach, atá riachtanach chun idirbhearta ar líne a bhailíochtú agus, dá bhrí sin, atá ina bpríomhfhachtóir cumasaithe don trádáil dhigiteach
  • idirphlé a bhunú maidir le saincheisteanna rialála e.g. sínithe leictreonacha a aithint – i gcomhaontú AE-Singeapór a rinneadh le déanaí, tá an dá thaobh ag féachaint freisin ar chomhaontú um aitheantas frithpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le ríomhshínithe
  • roinnt beart ar líne chun tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear bearta i gcoinne turscair. Áirítear i gcomhaontuithe AE go comhsheasmhach forálacha atá dírithe ar idirphlé rialála a choinneáil ar bun maidir leis an gcaoi a gcaitear le cumarsáid gan iarraidh den sórt sin
  • na réimsí comhair agus réitigh díospóide a chumhdach – cuireann siad béim ar idirphlé rialála i bpríomhréimsí beartais, lena n-áirítear, mar shampla, dliteanas idirmheánach na soláthróirí seirbhíse maidir le tarchur leictreonach agus stóráil faisnéise

Forbairt acmhainní a éascú

  • áirítear le EPA AE-CARIFORUM gealltanais chun tacaíocht a chur ar fáil do chúnamh teicniúil, d’oiliúint, agus d’fhorbairt acmhainní i réimsí éagsúla ar féidir leo acmhainn trádála a fhorbairt go digiteach freisin
Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa