Conarthaí trádála

Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do chonradh trádála i scríbhinn agus go bhfuil na príomh-mhíreanna seo a leanas ann:

  • ainm agus cainníocht an earra atá á onnmhairiú nó á allmhairiú agat;
  • tuairisc ar na hearraí lena n-áirítear a sonraíochtaí, a gcáilíocht, etc.;
  • modh íocaíochta na n-earraí;
  • an seoladh agus an t-am chun na hearraí a sheachadadh agus a fháil;
  • téarmaí seachadta na n-earraí;
  • luach iomlán na n-earraí san airgeadra ar a gcomhaontófar;
  • an modh iompair.

Tabhair do d’aire go bhféadfadh gnéithe eile a bheith i do chonradh freisin.

Roinn an leathanach seo: