Comhaontuithe trádála

Faoi láthair, tá an líonra trádála is mó ar domhan i bhfeidhm ag an Aontas, le breis agus 40 comhaontú aonair le tíortha agus le réigiúin. Éascaíonn na comhaontuithe sin trádáil táirgí agus seirbhísí idir an tAontas agus a chomhpháirtithe seachtracha.

Tá comhaontuithe nua fós á gcur leis an liosta agus tá athbhreithniú á dhéanamh ar chomhaontuithe níos sine agus tá nuashonruithe á gcaibidliú leis na tíortha comhpháirtíochta.

Deireadh a chur le taraifí

Tá cuid de na comhaontuithe dírithe go príomha ar dheireadh a chur le taraifí

  • Comhaontuithe Comhlachais le hocht dtír sa Mheánmhuir (an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó, Críoch faoi Fhorghabháil na Palaistíne agus an Túinéis)
  • Comhaontuithe le Meicsiceo agus leis an tSile
  • Comhaontuithe maidir leis an Limistéar Eacnamaíoch leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua
  • Aontais Chustaim le Türkiye, Andóra agus San Mairíne
  • Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais le sé thír de chuid na mBalcán Thiar (an Albáin, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia) ina bhfuil forálacha breise chun ullmhú dá lánpháirtiú comhleanúnach i margadh an Aontais
  • Comhaontuithe leis an Eilvéis agus le hOileáin Fharó

Rochtain níos cuimsithí ar an margadh

I measc na ngealltanas eile tá gealltanais i bhfad níos leithne maidir le trádáil in earraí agus seirbhísí a oscailt, agus maidir le hinfheistíochtaí, soláthar poiblí, iomaíocht, fóirdheontais agus saincheisteanna rialála

Is é is aidhm do na comhaontuithe sin córais trádála níos láidre atá bunaithe ar rialacha agus bunaithe ar luachanna a fhorbairt leis na tíortha comhpháirtíochta trádála lena mbaineann agus forálacha tiomnaithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a áireamh iontu.

Tá forálacha sonracha sna cinn is déanaí freisin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh gheilleagair agus sochaithe nua-aimseartha, amhail an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche leis an tSeapáin, lena n-áirítear caibidil maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le forálacha tiomnaithe maidir le seirbhísí faisnéise agus teileachumarsáide, agus ríomhthráchtáil.

Comhfhogasú dlíthiúil

Díríonn cineál sonrach comhaontuithe ar na naisc eacnamaíocha idir an tAontas agus a chomharsana a ghéarú trína gcreataí rialála a thabhairt níos gaire do dhlí an Aontais, go háirithe i réimsí a bhaineann le trádáil. Tá sé sin fíor mar shampla i gcás na gcomhaontuithe le

Forbairt

Tá cuspóir forbartha sainráite ag cineál speisialta eile comhaontuithe. Is comhaontuithe trádála neamhshiméadracha iad, le taobh ACC ag léirscaoileadh thart ar 80 % den trádáil thar thréimhse idir 15 agus 20 bliain, agus tugann an tAontas rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ón gcéad lá ar aghaidh.

Faoi láthair, cumhdaítear trádáil in earraí agus comhar um fhorbairt i bhformhór na gcomhaontuithe sin. Áirítear freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (EPA) le Muir Chairib forálacha maidir le seirbhísí, infheistíocht agus ábhair eile a bhaineann le trádáil.

Faoi na comhaontuithe sin, cuireann an tAontas cúnamh suntasach a bhaineann le trádáil ar fáil chun tacú le tíortha comhpháirtíochta na comhaontuithe a chur chun feidhme, iomaíochas onnmhairithe a neartú agus bonneagar eacnamaíoch a fhorbairt. Baineann na tíortha lena mbaineann le réigiúin na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa