Rialacha tionscnaimh sa Choinbhinsiún Uile-Eora-Mheánmhara athbhreithnithe
Beidh feidhm ag dhá shraith rialacha malartacha tionscnaimh go dtí an 31 Nollaig 2025. Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní bheidh feidhm ach ag Coinbhinsiún athbhreithnithe UEM:
- Rialacha tionscnaimh an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (Coinbhinsiún PEM). Comhaontaíodh Coinbhinsiún UEM in 2011 d’fhonn rialacha comhchoiteanna tionscnaimh agus carntha a bhunú i measc 25 Pháirtí Chonarthacha UEM (féach Liosta Pháirtithe Conarthacha UEM)agus an Aontais chun trádáil a éascú agus na slabhraí soláthair a chomhtháthú laistigh den chrios.
- Coinbhinsiún athbhreithnithe UEM
- Is rialacha tionscnaimh simplithe agus nuachóirithe iad sin i gcomparáid leis na rialacha a áirítear i gCoinbhinsiún UEM.
- Tá tuilleadh eolais cúlra faoin bpróiseas athbhreithnithe ar fáil anseo.