Carnadh
Is é carnadh an téarma a úsáidtear chun tuairisc a thabhairt ar chóras lenar féidir ábhair thionscnaimh thír A a phróiseáil tuilleadh nó a chur le táirgí de thionscnamh thír B, amhail is dá mba de thionscnamh thír B iad. Féadfaidh an táirge a thiocfaidh as sin tionscnamh thír B a fháil, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha is infheidhme. Ní féidir carnadh a chur i bhfeidhm ach amháin idir tíortha a oibríonn le rialacha tionscnaimh comhionanna.
Tá trí chineál carntha ann: déthaobhach, trasnánach agus iomlán.
A) Carnadh déthaobhach
Baineann dhá pháirtí le carnadh déthaobhach: an tAontas Eorpach agus tír chomhpháirtíochta. Ceadaítear leis ábhair de thionscnamh an Aontais a úsáid mar ábhair de thionscnamh tíre comhpháirtíochta agus vice versa. Tá feidhm ag an gcineál seo carntha maidir le socruithe fabhracha trádála uile an Aontais.
B) Carnadh trasnánach
Tá carnadh trasnánach cosúil le carnadh déthaobhach ach úsáidtear é i ndáil le níos mó ná dhá thír. Ceadaítear leis ábhair de thionscnamh tíre sainithe eile a úsáid mar ábhair thionscnaimh. Ní féidir é a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil forálacha sonracha ann maidir leis an gcineál carntha sin.
Ní féidir carnadh trasnánach a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le hábhair de thionscnamh tíre sainithe eile, a ndéantar tuilleadh próiseála orthu ansin i gceann de na páirtithe.
Is iad na cineálacha áirithe carntha thrasnánaigh na carntha ‘réigiúnacha’ agus ‘sínte’, mar a thugtar orthu, a bhaineann go sonrach le Córas na bhFabhar Ginearálaithe (Réigiúnach + Sínte) agus le comhlachas Thíortha agus Chríocha Thar Lear an Aontais Eorpaigh (Sínte).
C) Carnadh iomlán
Murab ionann agus carnadh déthaobhach agus trasnánach, nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le hábhair thionscnaimh, cuirtear san áireamh freisin sa charnadh iomlán an t-oibriú nó an phróiseáil a dhéantar ar ábhair neamhthionscnaimh. Is é sin le rá, nuair a bhíonn feidhm ag carnadh iomlán, déantar gach oibríocht a dhéantar sna tíortha comhpháirtíochta a chumhdaítear leis an socrú fabhrach trádála a mheas le chéile agus tionscnamh an táirge deiridh á chinneadh, fiú mura ábhair thionscnaimh iad na hábhair féin a úsáideadh.
Mura dtagann an phróiseáil a dhéantar i bpáirtí ach faoi liosta na n-oibríochtaí neamhleora, ní féidir carnadh iomlán a chur i bhfeidhm.