Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Ailgéir
Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Ailgéir i mí Aibreáin 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2005.
Leagtar amach sa chomhaontú creat don chaidreamh idir an tAontas agus an Ailgéir i ngach réimse, an trádáil san áireamh. Déanann sé trádáil in earraí a léirscaoileadh go cómhalartach, le gnéithe neamhshiméadrachta i bhfabhar na hAilgéire.
Bhí sé d’aidhm aige limistéar saorthrádála idir an tAontas agus an Ailgéir a bhunú, lena n-áirítear taraifí a dhíchóimeáil ina n-iomláine, faoi mhí Mheán Fómhair 2020 – sprioc a baineadh amach, cé is moite de roinnt taraifí atá fós le díothú ag an Ailgéir.