Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn

Leis an gcomhaontú, cuirtear deireadh leis na dleachtanna custaim agus leis an maorlathas a bhíonn ar ghnólachtaí Eorpacha agus iad ag onnmhairiú chuig an Nua-Shéalainn.

Sracfhéachaint ar an gcomhaontú

Tiocfaidh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn, a síníodh sa Bhruiséil an 9 Iúil 2023, i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, féach Príomhghnéithe an chomhaontaithe trádála idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn

Chun téacs cuimsitheach an chomhaontaithe a fhiosrú, téigh chuig an Aontas agus an Nua-Shéalainn: Téacs an chomhaontaithe. Tá an téacs roinnte go caothúil ina chaibidlí agus ina iarscríbhinní le haghaidh comhairliúcháin éasca.

Buaicphointí

Is ionann trádáil dhéthaobhach reatha (2022) an Aontais leis an Nua-Shéalainn agus €7.8 billiún in aghaidh na bliana cheana féin le haghaidh earraí agus €3.7 billiún le haghaidh seirbhísí. Onnmhairíonn an tAontas earraí dar luach €5.5 billiún in aghaidh na bliana chuig an Nua-Shéalainn agus iompórtálann sé táirgí dar luach €2.3 billiún ón Nua-Shéalainn, rud a fhágann go bhfuil barrachas trádála dar luach €3.2 billiún ag an Aontas.

A mhéid a bhaineann le seirbhísí, onnmhairíonn an tAontas níos mó ná dhá oiread an mhéid a allmhairíonn sé: €2.6 billiún de sheirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí an Aontais do chliaint sa Nua-Shéalainn i gcomparáid le €1.1 billiún de sheirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí ón Nua-Shéalainn do chliaint an Aontais.

De réir measúnú tionchair ar an gcomhaontú saorthrádála, meastar go dtiocfaidh méadú 30 % ar an trádáil idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas, agus go sábhálfaidh gnólachtaí €140 milliún i ndleachtanna in aghaidh na bliana trí dheireadh a chur le taraifí amháin. Thairis sin, d’fhéadfadh méadú os cionn 80 % teacht ar shreafaí infheistíochta an Aontais isteach sa Nua-Shéalainn.

Maidir leis an gcomhaontú:

  • cruthaíonn sé deiseanna suntasacha eacnamaíocha do chuideachtaí, d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí;
  • go n-urramaíonn sé Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus croíchearta saothair, atá in-fhorfheidhmithe trí smachtbhannaí trádála mar rogha dheiridh, agus
  • déantar naisc an Aontais le comhghuaillí atá ar aon intinn leis a dhaingniú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá dinimiciúil ó thaobh an gheilleagair de.

Príomhghnéithe an chomhaontaithe

  1. Trádáil earraí

Leis an gcomhaontú, cuirtear deireadh le dleachtanna ar earraí uile an Aontais a onnmhairítear chuig an Nua-Shéalainn ar theacht i bhfeidhm dó, lena n-áirítear dleachtanna ar bhia agus ar dheochanna agus dleachtanna an-ard ar tháirgí tionsclaíocha. Cuireann sé deireadh freisin le dleachtanna an Aontais ar fhormhór na n-earraí de chuid na Nua-Shéalainne a onnmhairítear chuig an Aontas nó laghdaíonn sé go mór iad.

  1. Rialacha Tionscnaimh

Tá rialacha tionscnaimh comhaontaithe ag an Aontas agus ag an Nua-Shéalainn, lena n-áirithítear nach féidir ach le táirgí a phróiseáiltear go suntasach i gceann de na páirtithe tairbhe a bhaint as fabhair tharaife an chomhaontaithe. Tá an doiciméadacht tionscnaimh bunaithe ar fhéindeimhniúchán ó ghnólachtaí. Tá an fíorú bunaithe ar theagmhálacha a dhéanann custaim áitiúla leis an allmhaireoir agus féadfar comhar riaracháin idir na húdaráis chustaim a leanúint ina dhiaidh sin.

  1. Éascú Custaim agus Trádála

Déanann an tAontas agus an Nua-Shéalainn a ndícheall nósanna imeachta custaim éifeachtúla a sholáthar do thrádálaithe, le forálacha leordhóthanacha lena n-áirithítear trédhearcacht na reachtaíochta, na bhfoirmeacha, na nósanna imeachta atá le comhlíonadh ag an teorainn, rochtain éasca ar fhaisnéis maidir le taraifí feidhmeacha, rochtain ar phointí teagmhála i gcás fiosrúcháin agus comhairliúchán gnó sula nglacfar reachtaíocht chustaim nua.

  1. Leigheasanna Trádála

Deimhnítear leis an gcomhaontú go bhféadfaí déileáil le haon trádáil éagórach idir na páirtithe trí úsáid a bhaint as na hionstraimí cosanta trádála (frithdhumpáil, frith-fhóirdheontas, coimircí domhanda). Áirítear sa chomhaontú freisin sásra coimirce déthaobhach, lena gceadaítear don Aontas agus don Nua-Shéalainn bearta sealadacha a fhorchur i gcás ina mbeidh méadú suntasach ar allmhairí fabhracha ina chúis le mórdhíobháil dá dtionscal intíre, nó i gcás ina mbeidh an baol ann go mbeidh sé ina chúis le mórdhíobháil dá dtionscal intíre.

  1. Bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta

Leis an gcaibidil maidir le cúrsaí Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS), lena gcumhdaítear sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe agus plandaí, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) agus calaois i dtráchtearraí trádáilte, seastar le hardchaighdeáin. Athdhearbhaítear sa chomhaontú prionsabail Chomhaontú SPS na hEagraíochta Domhanda Trádála, lena n-áirítear ‘prionsabal an réamhchúraim’, rud a chiallaíonn go bhfuil ceart dlíthiúil ag údaráis phoiblí gníomhú chun sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, nó an comhshaol, a chosaint, i bhfianaise riosca a mheastar a bheith ann fiú nuair nach bhfuil anailís eolaíoch cinntitheach.

  1. Córais bhia inbhuanaithe

Oibríonn an tAontas agus an Nua-Shéalainn i gcomhar le chéile chun beartais a neartú agus chun cláir a shainiú lena rannchuidítear le córais bhia inbhuanaithe, chuimsitheacha, shláintiúla agus athléimneacha a fhorbairt agus chun páirt a ghlacadh go comhpháirteach san aistriú i dtreo córais bhia inbhuanaithe.

  1. Leas Ainmhithe

Geallann an tAontas agus an Nua-Shéalainn go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile go déthaobhach agus go hidirnáisiúnta chun forbairt agus cur chun feidhme caighdeán leasa ainmhithe atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun cinn.

  1. Bacainní Teicniúla ar Thrádáil

Leis an gcomhaontú, cuirtear trédhearcacht agus úsáid caighdeán idirnáisiúnta chun cinn chun rochtain ar an margadh a éascú agus na leibhéil chosanta a mheasann gach páirtí a bheith iomchuí á gcosaint ag an am céanna. Féadfaidh cuideachtaí de chuid an Aontais a chruthú go bhfuil rialacháin theicniúla na Nua-Shéalainne á gcomhlíonadh le measúnuithe comhréireachta arna ndéanamh san Aontas ag comhlachtaí aitheanta le haghaidh earnálacha áirithe. D’aontaigh an Nua-Shéalainn glacadh le deimhnithe ar chineálcheadú AE le haghaidh mótarfheithiclí agus ní gá tuilleadh deimhniúcháin a dhéanamh ar go leor catagóirí díobh sin a cheadaítear san Aontas. Féadfar ceanglais maidir le marcáil agus lipéadú a dhéanamh freisin i gcríoch an pháirtí allmhairiúcháin, agus is féidir leis an dá thaobh comhoibriú maidir le saincheisteanna faireachais margaidh. Áirítear sa chomhaontú forálacha speisialta maidir le fíon agus biotáillí chun ardán a chur ar fáil chun caighdeáin i dtáirgeadh agus lipéadú fíona a chur chun cinn, chun cóineasú na gcaighdeán sin a mhéadú.

  1. Léirscaoileadh infheistíochta agus trádáil i seirbhísí

Áirithítear leis an gcomhaontú cothrom iomaíochta idir soláthraithe seirbhíse an Aontais agus a n-iomaitheoirí sa Nua-Shéalainn. Áirítear ar na seirbhísí a chumhdaítear raon leathan earnálacha agus tá forálacha rialála earnáilsonracha ann maidir le seirbhísí seachadta, teileachumarsáid, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí muiriompair idirnáisiúnta. Tá forálacha sa chomhaontú freisin maidir le gluaiseacht gairmithe chun críoch gnó, amhail bainisteoirí nó speisialtóirí a phostaíonn cuideachtaí an Aontais chuig a bhfochuideachtaí sa Nua-Shéalainn agus chuig a mbaill teaghlaigh.

  1. Trádáil Dhigiteach

Áirithítear leis an gcomhaontú intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus timpeallacht shlán ar líne do thomhaltóirí a bhíonn ag gabháil d’idirbhearta trádála digití thar theorainneacha agus cuirtear deireadh le bacainní agus cuirtear cosc ar idirdhealú idir gníomhaíochtaí ar líne agus as líne. Éascaíonn sé sreafaí sonraí trasteorann trí thoirmeasc a chur ar cheanglais logánaithe sonraí nach bhfuil údar leo agus ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta agus príobháideachais á chaomhnú ag an am céanna, rud a chuireann go mór le muinín sa timpeallacht dhigiteach.

  1. Gluaiseacht chaipitil, íocaíochtaí agus aistrithe agus bearta coimirce sealadacha

Luaitear sa chaibidil seo, má dhéantar idirbheart áirithe a léirscaoileadh faoin gcomhaontú (e.g. fiontar infheistíochta dírí eachtraí a bhunú), nach mór an t-airgead is gá don idirbheart a aistriú freisin (e.g. ranníocaíocht an infheisteora le caipiteal an chleamhnaithe eachtraigh, íocaíochtaí i ndáil le hidirbhearta eile, amhail trádáil in earraí). Ag an am céanna, ceadaíonn an chaibidil seo don dá thaobh bearta a dhéanamh más gá, agus a dhlíthe agus a rialacháin á gcur i bhfeidhm, mar shampla i ndáil le féimheacht, trádáil nó déileáil in urrúis.

  1. Soláthar rialtais

Osclaíonn an tAontas agus an Nua-Shéalainn a margaí soláthair go cómhalartach thar a bhfuil cumhdaithe cheana féin faoi Chomhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais (GPA). Ligeann an Nua-Shéalainn do chuideachtaí an Aontais tairiscint a chur isteach, ar comhchéim le cuideachtaí áitiúla, le haghaidh conarthaí leis na húdaráis phoiblí uile a rialaítear a soláthar le rialacha soláthair. Mar chúiteamh air sin, osclaíonn an tAontas do sholáthróirí agus do sholáthraithe seirbhíse na Nua-Shéalainne soláthar na n-earraí agus na seirbhísí uile ag údaráis rialtais láir nár cumhdaíodh go fóill faoi GPA, soláthar earraí a bhaineann leis an tsláinte (cógaisíocht agus feistí leighis) ag eintitis rialtais réigiúnacha, agus soláthar soláthraithe fóntais phoiblí a oibríonn i réimsí na gcalafort agus na n-aerfort.

  1. Iompar frithiomaíoch agus rialú cumasc

Chomhaontaigh an tAontas agus an Nua-Shéalainn go gcoinneofar dlíthe iomaíochta éifeachtacha ar bun sa dá dhlínse, a chuireann údaráis atá neamhspleách ó thaobh oibríochta de chun feidhme. Gníomhóidh na húdaráis sin ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus cearta na cosanta á n-urramú acu. Déantar foráil sa chomhaontú freisin maidir le comhar idir na húdaráis.

  1. Fóirdheontais

Aithníonn an tAontas agus an Nua-Shéalainn go bhféadfadh fóirdheontais áirithe feidhmiú cuí na margaí a shaobhadh agus dochar a dhéanamh don chomhshaol, agus chuige sin chomhaontaigh siad nár cheart, i bprionsabal, aon fhóirdheontas a dheonú a dhéanann difear diúltach don iomaíocht ná don trádáil ná a dhéanann dochar don chomhshaol. Thairis sin, tháinig an tAontas agus an Nua-Shéalainn ar chomhaontú maidir le sásra cuimsitheach trédhearcachta trínar cheart fóirdheontais a dheonaítear do sholáthraithe earraí agus seirbhísí araon a chur ar fáil don phobal.

  1. Fiontair faoi úinéireacht stáit

Leagtar amach sa chomhaontú rialacha ceangailteacha maidir le hiompraíocht fiontar faoi úinéireacht stáit, monaplachtaí ainmnithe agus fiontar dar deonaíodh pribhléidí eisiacha nó speisialta (SOEanna). Áirithítear leis na rialacha cothrom iomaíochta trí cheangal a chur ar na fiontair faoi úinéireacht stáit gníomhú de réir breithnithe tráchtála agus neamh-idirdhealaithe. Ciallaíonn sé sin nach mór cinntí ceannaigh agus díola na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a bheith spreagtha ó thaobh na tráchtála de, de réir phrionsabail an gheilleagair margaidh ar bhealach ina ngníomhódh fiontar faoi úinéireacht phríobháideach.

  1. Maoin Intleachtúil

Chomhaontaigh an tAontas agus an Nua-Shéalainn forálacha cuimsitheacha maidir le maoin intleachtúil (IP) chun cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach lena spreagtar nuálaíocht agus cruthaitheacht do na tionscail faoi seach. Áirítear sa chomhaontú forálacha maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, trádmharcanna, dearaí tionsclaíocha, cineálacha plandaí agus cosaint faisnéise neamhnochta, chomh maith le forálacha daingne maidir le forfheidhmiú maoine intleachtúla, lena n-áirítear bearta teorann. Maidir le tásca geografacha, cosnaítear leis an gcomhaontú liosta iomlán fhíonta agus bhiotáillí an Aontais agus 163 cinn de na tásca geografacha bia is cáiliúla de chuid an Aontais, agus foráiltear leis go mbeidh deis ann tuilleadh tásca geografacha a chur leis amach anseo. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé mídhleathach bréaga a dhíol.

  1. Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe

Áirítear sa chomhaontú caibidil thiomnaithe maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (TSD) lena gcumhdaítear saothar, cumhachtú na mban chomh maith le cúrsaí comhshaoil agus aeráide. Thairis sin, den chéad uair i gcomhaontú trádála an Aontais, foráiltear sa chaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe go bhféadfaí smachtbhannaí trádála a fhorchur mar rogha dheiridh, i gcás sáruithe tromchúiseacha ar na príomhghealltanais maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe. Cosnaíonn sé ceart an dá pháirtí rialáil a dhéanamh agus cuireann sé cosc ar na páirtithe a ndlíthe a lagú nó gan iad a fhorfheidhmiú chun trádáil nó infheistíocht a spreagadh. Leis an gcomhaontú, tugtar ról gníomhach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.

  1. Maorais

Aithníonn an tAontas agus an Nua-Shéalainn a thábhachtaí atá sé gur féidir le gach Nua-Shéalainn, lena n-áirítear na Maoraigh, tairbhe a bhaint as na deiseanna trádála agus infheistíochta a ghabhann leis an gcomhaontú. Áirithítear le forálacha speisialta go n-éascaítear comhar maidir le trádáil i dtáirgí na Maorach agus malartú faisnéise.

  1. Páirt a thabhairt don tsochaí shibhialta

Leis an gcomhaontú, tugtar ról tábhachtach don tsochaí shibhialta maidir lena chur chun feidhme, lena n-áirítear i ndáil leis na forálacha maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe. Coinneoidh an tAontas agus an Nua-Shéalainn eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí chomh maith le ceardchumainn gníomhach maidir le hábhair eacnamaíocha, forbartha inbhuanaithe, shóisialta, chearta an duine, chomhshaoil agus ábhair eile ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil an comhaontú á chur chun feidhme acu. Beidh na grúpaí sochaí sibhialta sin in ann a dtuairimí a chur in iúl agus ionchur a chur ar fáil don phlé maidir leis an gcaoi a bhfuil an chuid trádála den chomhaontú á cur chun feidhme.

  1. Dea-Chleachtais Rialála agus Comhar Rialála

Cuireann an comhaontú trédhearcacht chun cinn sa phróiseas rialála, rud a chinntíonn go bhfuil faisnéis thráthúil ar fáil le comhairliúcháin phoiblí, measúnuithe tionchair ar bhearta rialála atá beartaithe agus athbhreithnithe ar bhearta rialála. Ina theannta sin, féadfaidh an Nua-Shéalainn agus an tAontas oibriú i gcomhar le chéile maidir le gníomhaíochtaí rialála leasa choitinn.

  1. Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Tugann an comhaontú aghaidh ar riachtanais shonracha fiontar beag agus meánmhéide (FBManna). Éilíonn sé ar an dá pháirtí faisnéis a sholáthar maidir le rochtain ar an margadh ar shuíomh gréasáin FBM ar leith agus cruthaíonn sé 'Pointe Teagmhála FBM' ar gach taobh chun comhoibriú chun bealaí a shainaithint chun go mbainfidh na cuideachtaí sin tairbhe as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gcomhaontú.

  1. Fuinneamh agus Amhábhair

Comhlánaíonn an chaibidil maidir le Fuinneamh agus Amhábhair forálacha caibidlí eile atá ábhartha maidir le fuinneamh (earraí, seirbhísí agus infheistíocht, bacainní teicniúla ar thrádáil, fiontair faoi úinéireacht stáit, soláthar) trí luach suntasach a sholáthar i roinnt réimsí. Leis an gcaibidil, cuirtear toirmeasc ar mhonaplachtaí onnmhairiúcháin le haghaidh fuinnimh nó amhábhar, cuirtear toirmeasc ar idirghabháil rialtais gan údar i socrú praghsanna earraí fuinnimh agus amhábhar chomh maith le toirmeasc ar onnmhairiú nó ar dhéphraghsáil i gcás ina socrófaí praghsanna onnmhairiúcháin os cionn praghsanna intíre.

  1. Réiteach Díospóidí

Leis an gcomhaontú, cuirtear sásra cothrom, éifeachtúil agus éifeachtach i bhfeidhm chun díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm a fhorálacha a réiteach. I measc nithe eile, áirítear ann painéalaithe neamhspleácha agus próis chuí agus trédhearcacht lena mbaineann éisteachtaí oscailte, foilsiú cinntí, agus an deis do pháirtithe leasmhara tuairimí a chur isteach i scríbhinn.

Comhaontú maidir le Tionscnamh Fabhrach agus Díchóimeáil Taraife

Cóir Fhabhrach

Rátaí fabhracha taraife a dheonú go frithpháirteach idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach (AE) chun caidreamh trádála a fheabhsú.

Díchóimeáil Taraife

Cuirfear tús le díchóimeáil taraife ón 1 Bealtaine 2024, i gcomhréir le Caibidil 2, Airteagal 2.5, agus Iarscríbhinn 2-A a ghabhann leis an gcomhaontú.

  • An Nua-Shéalainn: Leanann díchóimeáil taraife na sonraíochtaí i gCaibidil 2, Airteagal 2.5, mar aon le hIarscríbhinn 2-A, Foscríbhinn 2-A-2. Sainordaítear deireadh iomlán a chur le taraifí ar theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe.
  • AE: Cloíonn díchóimeáil taraife le Caibidil 2, Airteagal 2.5, mar aon le hIarscríbhinn 2-A, Foscríbhinn 2-A-1. Táthar ag súil go gcuirfear i gcrích é faoi 2031, le hearraí áirithe atá faoi réir dleachtanna custaim nó a fhaigheann cóir saor ó dhleacht laistigh de chuótaí leithdháilte.

An Rialachán maidir le Tionscnamh

Leagtar amach rialacháin maidir le tionscnamh i gCaibidil 3, Ranna A go C den chomhaontú, lena n-áirítear rialacha tionscnaimh táirgeshonracha in Iarscríbhinn 3-B agus i bhFoscríbhinn 3-B-1.

  • IO L, 2024/866, 25.3.2024, lch. 51
  • Iarscríbhinn 3-B agus Foscríbhinn 3-B-1 (Cuótaí tionscnaimh) i gcomhar le hIarscríbhinn 3-A (Nótaí Réamhráiteacha)
  • IO L, 2024/866, 25.3.2024, lch. 562 (Iarscríbhinn 3-B)
  • IO L, 2024/866, 25.3.2024, lch. 543 (Iarscríbhinn 3-A)

Cruthúnais Tionscnaimh

  • Foirmiúil: Ní shonraítear aon chruthúnas foirmiúil ar thionscnamh.
  • Neamhfhoirmeálta: I measc na gcruthúnas inghlactha tá Ráiteas maidir le Tionscnamh agus eolas an allmhaireora.
  • Téacs an Ráitis: Tagairtí d’Iarscríbhinn 3-C (IO L, 2024/866, 25.3.2024, lch. 625) agus, i gcás táirgí sonracha, Foscríbhinn 3-B-1 (Cuótaí tionscnaimh: IO L, 2024/866, 25.3.2024, lch. 620). Ceadaítear ráitis maidir le tionscnamh i gcás il-lastais laistigh de thréimhse 12 mhí.
  • Bailíocht: Tá na ráitis tionscnaimh bailí ar feadh 12 mhí.
  • Díolúintí: Ceadaítear dearbhú tionscnaimh neamhfhoirmiúil le haghaidh idirbhearta neamhthráchtála
    • pacáistí beaga ó dhaoine príobháideacha chuig daoine príobháideacha suas le EUR 500 (allmhairiú isteach san Aontas) nó NZD 1,000 (allmhairiú isteach sa Nua-Shéalainn)
    • bagáiste pearsanta taistealaithe suas le EUR 1,200 (allmhairiú isteach san Aontas) nó NZD 1,000 (allmhairiú isteach sa Nua-Shéalainn)

Rialacha Tionscnaimh

  • Lamháltas Ginearálta: 10 % den phraghas díreach ón monarcha, cé is moite de tháirgí a thagann faoi Chaibidlí 50 go 63 den Chóras Comhchuibhithe, atá faoi réir fhorálacha sonracha Iarscríbhinn 3-A
  • Tairseach le haghaidh Tacair: 15 % den phraghas díreach ón monarcha le haghaidh comhpháirteanna neamhthionscnaimh.
  • Prionsabal an Chríochachais: Tá comhlíonadh éigeantach.
  • Neamh-Ionramháil: Tá comhlíonadh éigeantach.
  • Toirmeasc ar Aisíocaíocht: Neamhbhainteach.
  • Deighilt Chuntasaíochta: Is infheidhme maidir le hábhair agus táirgí idirmhalartacha a thagann faoi Chaibidlí 10, 15, 27, 28, 29 den Chóras Comhchuibhithe, faoi cheannteidil 32.01 go 32.07, nó faoi cheannteidil 39.01 go 39.14, má úsáidtear modh deighilte cuntasaíochta.

Carnadh

Ceadaítear carnadh déthaobhach idir an tAontas agus an Nua-Shéalainn, rud a éascaíonn caidreamh trádála cuíchóirithe.

FBManna

An Chaibidil FBM:

  • Ceanglaítear ar an Aontas agus ar an Nua-Shéalainn araon faisnéis atá ábhartha do FBManna a sholáthar maidir le conas rochtain a fháil ar mhargaí a chéile agus gnó a dhéanamh iontu. Tá faisnéis den sórt sin le soláthar ar ardán digiteach amháin a bhfuil rochtain ag an bpobal air, amhail suíomh gréasáin sonrach FBM; agus
  • Ceanglaítear leis go gceapfar pointí teagmhála FBManna ar gach taobh, a chomhoibreoidh chun bealaí a shainaithint chun go mbainfidh FBManna tairbhe as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gcomhaontú.

Áiritheofar leis sin gur féidir le FBManna ar an dá thaobh rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá cothrom le dáta maidir le gnó a dhéanamh agus a chur ar bun sa Pháirtí eile, rud a chuirfidh lena gcumas tairbhe a bhaint as an gcomhaontú saorthrádála.

Eolas úsáideach faoi thrádáil sa Nua-Shéalainn:

Bileoga eolais

Treoracha