Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó

Is leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Oileáin Fharó a rialaítear caidreamh trádála Oileáin Fharó leis an Aontas. Is comhaontú den chéad ghlúin é an Comhaontú a tháinig i bhfeidhm in 1997, inar díríodh ar léirscaoileadh taraifí le haghaidh earraí.

Is é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag Oileáin Fharó go mór fada, agus an Rúis, an Ríocht Aontaithe, an tSín agus an Iorua ina dhiaidh sin. Tá Oileáin Fharó san áireamh i mBeartas Artach an Aontais, áit a bhfuil an tAontas tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na ndaoine atá ina gcónaí san Artach, rud a spreagfaidh oideachas níos fearr, fás inbhuanaithe agus poist.

Rialacha tionscnaimh

Chun cáiliú do chóir fhabhrach (dleacht Chustaim níos ísle nó gan aon dleacht Chustaim), ní mór do do tháirge rialacha áirithe a chomhlíonadh lena sainítear a thionscnamh, na rialacha tionscnaimh, a leagtar síos sa Choinbhinsiún Uile-Eora-Mheánmhara

 

Féach an uirlis idirghníomhach ‘UirlisFéinmheasúnaithe maidir leis na Rialacha Tionscnaimh (ROSA)’i Mo Chúntóir Trádála chun a mheas an gcomhlíonann do tháirge na rialacha tionscnaimh agus chun a fháil amach conas na doiciméid chearta a ullmhú. Tuilleadh eolais ar fáil ar conas ROSA a úsáid

Roinn an leathanach seo: