Lamháltas nó de minimis

Mura gcomhlíontar an riail tionscnaimh a sannadh do tháirge (féach an roinn maidir le hearraí atá claochlaithe go leordhóthanach (nasc chuig an roinn), d’fhéadfaí a mheas fós gur thionscain do tháirge allmhairithe ó do thír chomhpháirtíochta i gcásanna áirithe.

Is féidir a mheas fós go gcomhlíonann an t-earra an riail tionscnaimh is infheidhme i gcás nach sáraíonn luach na n-ábhar neamhthionscnaimh tairseach nithiúil a shonraítear i ngach sraith rialacha tionscnaimh. Is iondúil gurb ionann an tairseach sin agus 10 % nó 15 % de phraghas an earra díreach ón obair.

Má tá an riail is infheidhme maidir le d’earra ar cheann de na trí riail a bhfuil cur síos orthu sa rannóg um earraí atá claochlaithe go leor (link to new section) is féidir an lamháltas a chur i bhfeidhm mar seo a leanas:

  • má úsáidtear an t-athrú ar an riail maidir le rangú taraife, cuireann an lamháltas ar chumas an táirgeora sa tír chomhpháirtíochta ábhair neamhthionscnaimh a úsáid a bhfuil na ceannteidil taraife chéanna acu agus atá ag an táirge deiridh. Foráiltear leis seo nach sáraíonn luach na n-ábhar sin an tairseach lamháltais. Sonraítear an tairseach sin sna rialacha ábhartha maidir le tionscnamh.
  • má úsáidtear an riail maidir le táirgí áirithe a mhonarú, ceadaíonn an lamháltas don táirgeoir sa tír chomhpháirtíochta ábhair neamhthionscnaimh ar céim níos déanaí den táirgeadh iad a úsáid — ar choinníoll nach sáraíonn a luach an tairseach lamháltais. Sonraítear an tairseach sin sa tsraith ábhartha rialacha maidir le tionscnamh.
  • má úsáidtear riail an bhreisluacha, tabhair do d’aire nach féidir leat lamháltas do tháirge allmhairithe a úsáid mar thairseach don riail shonrach tionscnaimh a ghabhann le do tháirge. Sa chás sin ní féidir an uastairseach céatadáin a shárú.
Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa