Comhaontú Domhanda AE-Meicsiceo

Tá an caidreamh trádála déthaobhach idir an tAontas agus Meicsiceo á rialú ag colún trádála an Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Eacnamaíoch, Comhordú Polaitiúil agus Comhar idir an tAontas agus Meicsiceo (dá ngairtear an ‘Comhaontú Domhanda’ freisin).

Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm in 2000 agus cumhdaítear leis idirphlé polaitiúil, caidreamh trádála agus comhar. D’fhorbair forálacha trádála an Chomhaontaithe Dhomhanda ina dhiaidh sin ina gComhaontú Saorthrádála cuimsitheach, lenar cumhdaíodh trádáil in earraí agus trádáil i seirbhísí. Tháinig na forálacha sin i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2000 agus i mí Dheireadh Fómhair 2001, faoi seach.

Chinn an tAontas Eorpach agus Meicsiceo in 2016 an Comhaontú Domhanda idir an tAontas agus Meicsiceo a nuachóiriú ar bhealach cuimsitheach uaillmhianach. Tháinig an dá thaobh ar ‘chomhaontú i bprionsabal’ maidir leis an gcuid trádála den Chomhaontú Ginearálta nuachóirithe idir an tAontas agus Meicsiceo i mí Aibreáin 2018 agus thug siad na sonraí teicniúla deiridh maidir le soláthar poiblí i gcrích i mí Aibreáin 2020. Tá an Comhaontú Ginearálta Nuachóirithe idir an tAontas agus Meicsiceo faoi réir na nósanna imeachta inmheánacha is gá ar an dá thaobh.

Tuilleadh eolais ar leathanach Ard-Stiúrthóireacht na Trádála faoi Mheicsiceo

Rialacha Tionscnaimh

 

D'fhonn cáiliú do chóireáil fhabhrach, beidh ar do tháirge na rialacha tionscnaimh faoin gcomhaontú a chomhlíonadh. Féach an uirlis idirghníomhach ‘UirlisFéinmheasúnaithe maidir leis na Rialacha Tionscnaimh (ROSA)’ i Mo Chúntóir Trádála chun a mheas an gcomhlíonann do tháirge na rialacha tionscnaimh agus chun a fháil amach conas na doiciméid chearta a ullmhú.

Tá faisnéis ghinearálta faoi na rialacha tionscnaimh agus faoi na nósanna imeachta maidir le tionscnamh le fáil sa roinn seo.

Is é is tionscnamh ann ná 'náisiúntacht eacnamaíoch' na n-earraí a thrádáiltear. Má tá tú nua ar an ábhar, is féidir leat réamhrá a fháil ar na príomhchoincheapa sa chuid earraí.

Cá bhfaighidh mé na rialacha tionscnaimh?

Leagtar amach na rialacha tionscnaimh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2000 ó Chomhairle Chomhpháirteach CE-Mheicsiceo an 23 Márta 2000, maidir le Sainmhíniú an Choincheapa Táirgí Tionscnaimh agus le Modhanna Comhair Riaracháin (IO L 245 an 29.9.2000, lch. 953).

Cuireadh rialacha táirgeshonracha in oiriúint do na modhnuithe ar aicmiú earraí a tugadh isteach le Córas Comhchuibhithe 2002. IgCinneadh Comhpháirteach Uimh. 5/2002 ón gComhairle (IO L 44 an 18.2.2003, lch. 1) tá Foscríbhinn II is infheidhme (mar aon le roinnt forálacha eile) a athfhoilsíodh ina hiomláine.

Leasaíodh Iarscríbhinn III chun méadú 2004 an Aontais a chur san áireamh le Cinneadh Uimh. 3/2004 ón gComhairle Chomhpháirteach (IO L 293, 16.9.2004, lch. 15). Tugadh isteach leasuithe a bhaineann le méadú AE 2007 le Cinneadh Comhpháirteach ón gComhairle Uimh. 2/2008 (IO L 198, 26.7.2008 lch. 55) agus leasuithe a bhaineann le haontachas na Cróite le Cinneadh Comhpháirteach ón gComhairle Uimh. 1/2020 (IO L 259 40, 10.8.2020, lgh. 40–48).

Le Cinneadh Uimh. 1/2007 ó Chomhchoiste AE-Meicsiceo (IO L 279 an 23.10.2007, lch. 15), tugadh isteach leasuithe áirithe ar na rialacha tionscnaimh atá in Iarscríbhinn III, a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • Síneadh a chur le cur i bhfeidhm sealadach na rialacha táirgeshonracha a leagtar amach i bhFoscríbhinn II(a) agus a bhaineann le táirgí leathair, go dtí go dtabharfar caibidlíocht reatha EDT i gcrích
  • Athrú ar an modh bainistíochta a úsáidtear chun cuótaí bliantúla a leagtar amach i bhFoscríbhinní II agus II (a) a leithdháileadh le haghaidh teicstílí agus coisbheart a onnmhairítear ón Aontas go Meicsiceo, ó chóras ceantála go dtí bonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’
  • Athrú ar an riail tionscnaimh a leagtar amach i bhFoscríbhinn II le haghaidh táirgí a aicmítear i gceannteidil 1904 agus 7601 den Chóras Comhchuibhithe

Le Cinneadh Uimh. 1/2019 ón gComhchoiste idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo (IO L 3 an 07.01.2019, lgh. 37-40), tugadh isteach Foscríbhinn VI maidir le cóireáil táirgí de thionscnamh Andóra agus San Mairíne agus cóireáil táirgí de thionscnamh Mheicsiceo a onnmhairítear chuig an dá thír sin.

An bhfuil mo tháirge de thionscnamh AE nó Mheicsiceo de réir Chomhaontú Domhanda AE-Meicsiceo?

Chun go gcáileoidh do tháirge don taraif fhabhrach níos ísle nó nialais faoin gComhaontú Domhanda idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo, ní mór gur de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mheicsiceo é.

Is de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mheicsiceo é táirge, más rud é

 

Samplaí de rialacha táirgeshonracha i gcomhaontuithe trádála an Aontais

  • an riail bhreisluacha – ní féidir le luach na n-ábhar neamhthionscnaimh go léir i dtáirge a bheith níos mó ná céatadán áirithe dá phraghas díreach ón monarcha
  • an t-athrú ar rangú taraife – is é an toradh atá ar an bpróiseas táirgthe ná athrú ar rangú taraife idir na hábhair neamhthionscnaimh agus an táirge deiridh – mar shampla táirgeadh páipéir (Córas Comhchuibhithe Caibidil 48) ó laíon neamhthionscnaimh (Córas Comhchuibhithe Caibidil 47)
  • oibríochtaí sonracha – tá gá le próiseas táirgthe ar leith, mar shampla snáithíní a shníomh ina snáth – úsáidtear rialacha den sórt sin go príomha in earnáil na dteicstílí agus na n-éadaí, agus in earnáil na gceimiceán

Leideanna chun cabhrú leat cloí leis na rialacha táirgeshonracha

Cuireann an comhaontú solúbthacht bhreise ar fáil chun cabhrú leat cloí le rialacha táirgeshonracha, amhail lamháltas nó carnadh.

Lamháltas

  • leis an riail lamháltais, ceadaítear don táirgeoir ábhair neamhthionscnaimh a úsáid a mbíonn toirmeasc orthu de ghnáth de réir na rialach táirgeshonraí, is é sin suas le 10 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha
  • ní féidir lamháltas a úsáid chun aon tairseach uasluacha d’ábhair neamhthionscnaimh a liostaítear sna rialacha táirgeshonracha a shárú
  • Tá feidhm ag lamháltais shonracha maidir le teicstílí agus éadaí a aicmítear i gCaibidlí CC 50 go 63, a áirítear i Nótaí 5 go 7 d’Fhoscríbhinn I ‘Nótaí tosaigh’ de rialacha tionscnaimh táirgeshonracha

Carnadh

  • Carnadh déthaobhach — is féidir a mheas gur de thionscnamh an Aontais Eorpaigh ábhair de thionscnamh Mheicsiceo (agus a mhalairt) nuair a úsáidtear iad chun táirge a mhonarú

Ceanglais eile

Ina theannta sin, ní mór don táirge na ceanglais eile go léir is infheidhme a shonraítear sa Phrótacal a chomhlíonadh, amhail oibriú nó próiseáil neamhleor, nó riail an iompair dhírigh. 

Iompar trí thríú tír: riail an iompair dhírigh

Ní mór táirgí tionscnaimh a iompar ón Aontas go Meicsiceo (agus a mhalairt) gan tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu i dtríú tír.

Ceadaítear trasloingsiú nó stórasú sealadach i dtríú tír má fhanann táirgí faoi fhaireachas na n-údarás custaim agus mura dtéann siad faoi oibríochtaí seachas

  • díluchtú
  • athluchtú
  • aon oibríocht atá ceaptha chun bail mhaith a choimeád orthu

Beidh ort fianaise a sholáthar maidir leis an iompar díreach chuig údaráis chustaim na tíre allmhairithe.

Aisíocaíocht dleachta

Faoin gComhaontú Ginearálta idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo ní féidir aisíocaíocht a fháil ar dhleachtanna a íocadh roimhe sin ar ábhair neamhthionscnaimh a úsáideadh chun táirge a tháirgeadh a onnmhairítear faoi tharaif fhabhrach.

Nósanna imeachta tionscnaimh

Más mian leat taraif fhabhrach a éileamh beidh ort na nósanna imeachta tionscnaimh a leanúint agus d'éileamh a fhíorú ag údaráis chustaim na tíre ina bhfuil tú ag allmhairiú d'earraí. Leagtar amach na nósanna imeachta i dTeideal V maidir le Cruthúnas Tionscnaimh agus i dTeideal IV maidir le Socruithe le haghaidh Comhar Riaracháin.

Conas taraif fhabhrach a éileamh

Chun tairbhiú de tharaif fhabhrach, ní mór d’allmhaireoirí cruthúnas ar thionscnamh a sholáthar.

Is féidir leis an gcruthúnas tionscnaimh a bheith

  • deimhniú gluaiseachta EUR.1, nó
  • dearbhú tionscnaimh

Beidh an cruthúnas ar thionscnamh bailí go ceann 10 mí ón dáta eisiúna.

Níl aon chruthúnas ar thionscnamh ag teastáil nuair nach mó luach iomlán na coinsíneachta ná

  • €500 i gcás pacáistí beaga nó
  • €1,200 do bhagáiste pearsanta

Féach na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hIarscríbhinn III (lena n-áirítear an Nóta Míniúcháin athbhreithnithe a ghabhann le hAirteagal 17)chun sonraí a fháil faoi chomhlánú nó faoi chruthúnais tionscnaimh. 

Deimhniú gluaiseachta EUR.1

Is é an ‘Secretaría de Economía’ (an Aireacht Geilleagair) a eisíonn deimhnithe gluaiseachta EUR.1 i Meicsiceo. Tá an Aireacht Geilleagair freagrach freisin as

  • údaruithe a dheonú d’onnmhaireoirí formheasta, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a tharraingt siar
  • seiceálacha iarfhíoraithe tar éis iarraidh a fháil ó údarás custaim i mBallstát den Aontas Eorpach

Is féidir leis an údarás custaim i Meicsiceo iarraidh ar údaráis chustaim i mBallstáit an Aontais stádas tionscnaimh na n-earraí nó barántúlacht an chruthúnais tionscnaimh a fhíorú. Ba cheart don onnmhaireoir a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar an deimhniú a bheith sásta doiciméid a chur isteach lena gcruthaítear stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann. Go sonrach, i gcás Mheicsiceo, ní mór aicmiú taraife 4 dhigit na n-earraí onnmhairithe a léiriú i mbosca 8 den deimhniú gluaiseachta EUR. 1

Áirítear i bhFoscríbhinn III sampla de dheimhniú EUR.1 agus tugtar tásca ann lena líonadh isteach.

Dearbhú tionscnaimh

Is féidir le honnmhaireoirí féindearbhú a dhéanamh go bhfuil a dtáirge de thionscnamh an Aontais Eorpaigh nó Mheicsiceo trí dhearbhú tionscnaimh a sholáthar. Is féidir é a dhéanamh trí

  • onnmhaireoir formheasta, nó
  • aon onnmhaireoir ar choinníoll nach mó ná €6,000 luach iomlán na dtáirgí

Chun bheith i d’onnmhaireoir formheasta, ní mór duit a bheith in ann na húdaráis chustaim inniúla (‘Secretaria Economia’ na hAireachta Geilleagair ar thaobh Mheicsiceo) a shásamh maidir le stádas tionscnaimh do tháirgí, chomh maith le haon cheanglas eile a d’fhéadfadh siad a fhorchur. Féadfaidh na húdaráis inniúla do stádas formheasta a tharraingt siar má bhaineann tú mí-úsáid as ar bhealach ar bith. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na nósanna imeachta, déan teagmháil leis na húdaráis chustaim inniúla (‘Secretaria Economia’ na hAireachta Geilleagair ar thaobh Mheicsiceo).

Conas dearbhú tionscnaimh a dhéanamh

ba cheart don onnmhaireoir an dearbhú seo a leanas a chló, a stampáil nó a phriontáil (sa teanga iomchuí) ar an sonrasc, ar an nóta seachadta nó ar an doiciméad tráchtála eile ina bhfuil tuairisc ar na táirgí lena mbaineann agus atá mionsonraithe go leor chun iad a shainaithint.

Dearbhaíonn onnmhaireoir na dtáirgí a chumhdaítear leis an doiciméad seo (údarú custaim Uimh....) gur de thionscnamh fabhrach ... na táirgí sin, ach amháin nuair a léirítear a mhalairt go soiléir.

Is féidir téacs an dearbhaithe sonraisc a dhéanamh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus is féidir teacht air in Aguisín IV. Seiceáil le d'údaráis chustaim le haghaidh aon cheanglais bhreise a d'fhéadfadh a bheith acu.

Ní mór duit do dhearbhú sonraisc a shíniú de láimh. Más onnmhaireoir formheasta thú, tá tú díolmhaithe ón gceanglas sin ar choinníoll go dtugann tú gealltanas i scríbhinn do d’údaráis chustaim go nglacann tú freagracht iomlán as aon dearbhú lena sainaithnítear thú. Agus dearbhú sonraisc á líonadh isteach agat, ba cheart duit a bheith sásta doiciméid a chur isteach lena gcruthaítear stádas tionscnaimh do tháirgí

Féadfaidh an t-onnmhaireoir dearbhú sonraisc a dhéanamh tráth a onnmhaireofar na táirgí lena mbaineann sé, nó tar éis a n-onnmhairithe ar choinníoll go dtíolacfar d’údarás custaim na tíre allmhairiúcháin é ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse atá bunaithe i ndlí náisiúnta gach Páirtí: dhá bhliain san Aontas Eorpach agus bliain amháin i Meicsiceo

Fíorú tionscnaimh

Féadfaidh na húdaráis chustaim a fhíorú an de thionscnamh táirge allmhairithe é nó an gcomhlíonann sé ceanglais eile maidir le tionscnamh. Tá an fíorú bunaithe ar

  • comhar riaracháin idir údaráis chustaim na bpáirtithe allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin
  • seiceálacha arna ndéanamh ag custaim áitiúla. Ní cheadaítear cuairteanna ón bPáirtí allmhairiúcháin ar an onnmhaireoir

Déanann údaráis an Pháirtí onnmhairiúcháin an cinneadh deiridh maidir le tionscnamh agus cuireann siad údaráis an Pháirtí allmhairiúcháin ar an eolas faoi na torthaí.

Roinn an leathanach seo: