Infheistiú san Aontas Eorpach

Déanann cuideachtaí agus daoine aonair infheistíocht thar lear chun a dtáirgeadh a aimsiú in áiteanna costéifeachtacha ardoilte, chun comhpháirteanna agus amhábhair a aimsiú, agus chun dul níos gaire dá gcustaiméirí. Maidir leis an tír óstach, tá ról tábhachtach ag infheistíocht isteach agus cuireann sí le forbairt theicneolaíoch, cruthú post agus fás eacnamaíoch.

Tá ceann de na córais is oscailte agus is trédhearcaí ar domhan ag an Aontas maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na cinn scríbe is tábhachtaí ar domhan. Mar thoradh air sin, is ionann stoic IDC atá i seilbh infheisteoirí neamh-AE agus thart ar EUR 9.300 billiún. Ciallaíonn infheistiú san AE rochtain ar mhargadh aonair an-chomhtháite ina bhfuil beagnach 500 milliún tomhaltóir agus deiseanna infheistíochta.

Tacaíonn reachtaíocht an Aontais agus an margadh aonair le hinfheistíocht tríd an tsaoirse a ráthú chun cuideachta a bhunú, chun infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí agus chun caipiteal a bhogadh thar theorainneacha. Áirithítear leo freisin go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le hinfheisteoirí i ngach Ballstát.

Infheistíocht a dhéanamh i mBallstát de chuid an Aontais

Más spéis leat infheistíocht a dhéanamh san Aontas, tá naisc thíos chuig suíomhanna gréasáin ghníomhaireachtaí cur chun cinn infheistíochta Bhallstáit an Aontais, a chuireann faisnéis ar fáil maidir le deiseanna infheistíochta, na bearta atá le déanamh agus na rialacha a bhfuil feidhm acu.

Tacaíocht a thabhairt d’infheisteoirí san Aontas

Tá roinnt ardán ann a thugann treoir agus cúnamh do chuideachtaí agus d’infheisteoirí atá bunaithe nó atá ag iarraidh iad féin a bhunú i margadh aonair an Aontais, lena n-áirítear a gcearta a chosaint.

Is féidir le gnólachtaí agus infheisteoirí dul i gcomhairle le: