Comhaontú Comhlachais Eatramhach idir AE agus an Phalaistín

Tugadh Comhaontú Comhlachais Eatramhach maidir le Trádáil agus Comhar i gcrích idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE; réamhtheachtaí an Aontais Eorpaigh) agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) thar ceann Údarás na Palaistíne (PA) in 1997. Foráiltear leis an gcomhaontú do rochtain saor ó dhleacht ar mhargaí an Aontais d'earraí tionsclaíocha na Palaistíne, agus do dheireadh a chur de réir a chéile le taraifí ar onnmhairí an Aontais chuig an bPalaistín* thar thréimhse cúig bliana. Tháinig comhaontú chun táirgí talmhaíochta, táirgí talmhaíochta próiseáilte agus táirgí éisc agus iascaigh a léirscaoileadh tuilleadh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2012. Bhí feidhm ag an gcomhaontú deireanach sin ar dtús ar feadh 10 mbliana, ach cuireadh síneadh 10 mbliana breise leis in 2021.

*Ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas ar Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla Bhallstáit an AE ar an gceist sin.

Rialacha tionscnaimh

Chun cáiliú do chóir fhabhrach (dleacht Chustaim níos ísle nó gan aon dleacht Chustaim), ní mór do do tháirge rialacha áirithe a chomhlíonadh lena sainítear a thionscnamh, na rialacha tionscnaimh, a leagtar síos sa Choinbhinsiún Uile-Eora-Mheánmhara

 

Féach an uirlis idirghníomhach ‘UirlisFéinmheasúnaithe maidir leis na Rialacha Tionscnaimh (ROSA)’i Mo Chúntóir Trádála chun a mheas an gcomhlíonann do tháirge na rialacha tionscnaimh agus chun a fháil amach conas na doiciméid chearta a ullmhú. Tuilleadh eolais ar fáil ar conas ROSA a úsáid

 

Roinn an leathanach seo: