Aisíocaíocht dleachta
Tá foráil i rialacha tionscnaimh áirithe lena gcuirtear srian ar scéimeanna aisíoca dleachta a úsáid ar na hábhair a allmhairítear chun na hearraí a tháirgeadh.
Is éard is aisíocaíocht dleachta ann aisíocaíocht ar íocaíochtaí a rinneadh i dtosach ar earraí a allmhairiú; d’fhéadfadh na híocaíochtaí sin a bheith déanta i leith dleachtanna custaim, cánacha nó muirir eile.
Beidh ort na coinníollacha sonracha maidir leis an bpointe sin a sheiceáil, ar coinníollacha iad atá i bprótacal tionscnaimh an chomhaontaithe trádála ábhartha.