Clásal neamhghníomhaíochta

I “gclásal neamhghníomhaíochta” geallann na páirtithe i gcomhaontú trádála go gcoimeádfaidh siad an margadh chomh hoscailte ar a laghad amach anseo agus a bhí ann tráth a tugadh an comhaontú i gcrích.

Go praiticiúil, ciallaíonn sé, tar éis comhaontú trádála a thabhairt i gcrích, má chinneann páirtí a mhargadh a oscailt tuilleadh agus má chinneann sé ina dhiaidh sin titim ar ais chuig creat níos sriantaí, d’fhéadfadh sé nach dtitfidh an creat sin riamh faoi leibhéal na hoscailteachta a gealladh sa chomhaontú.

Sampla: má gheallann páirtí, i gcomhaontú trádála, úinéireacht eachtrach 30 % a cheadú i gcuideachtaí intíre agus ina dhiaidh sin go gcinneann sé go haontaobhach 40 % a cheadú, féadfaidh an páirtí an bunleibhéal 30 % a thabhairt isteach an athuair nuair is mian leis (ach ní féidir leis srian breise a chur le níos mó ná 30 %).

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa