Cad é mo Chúntóir Trádála le haghaidh Seirbhísí agus Infheistíochta?
Is é mo Chúntóir Trádála le haghaidh Seirbhísí agus Infheistíochta an leathnú is déanaí ar Access2Markets. Cuireann sé faisnéis saor in aisce ar fáil do chuideachtaí an Aontais maidir leis na coinníollacha nach mór dóibh a chomhlíonadh agus seirbhísí á n-easpórtáil acu chuig margaí lasmuigh den Aontas.
Is féidir leat faisnéis a fháil faoi na riachtanais ba cheart do chuideachta de chuid an Aontais a chomhlíonadh chun seirbhísí a easpórtáil agus rochtain a fháil ar mhargaí lasmuigh den Aontas, i dtrí mhodh soláthair, chomh maith le faisnéis faoi na húdaráis atá freagrach i dtríú tíortha. Tá an fhaisnéis ar fáil faoi láthair do thart ar 100 earnáil seirbhísí in 8 dtír. Leathnófar liosta na dtíortha a chumhdaítear de réir a chéile.
Níl an fhaisnéis atá ar fáil ar mo Chúntóir Trádála le haghaidh Seirbhísí agus Infheistíochta ceangailteach ó thaobh dlí.
Déantar an fhaisnéis atá ar fáil a nuashonrú uair sa bhliain.