Dleachtanna frithchúitimh ar earraí fóirdheonaithe

Chomh maith le dleachtanna frithdhumpála, d’fhéadfadh do tháirge a bheith faoi réir bearta frith-fhóirdheontais freisin. Tugtar bearta nó dleachtanna frithchúitimh orthu sin freisin. Déanann siad éifeachtaí fóirdheontais éagóraigh ó chomhpháirtí trádála a fhritháireamh agus cuireann siad an táirge i staid eacnamaíoch níos iomaíche i gcomparáid le táirgí eile sa mhargadh.

Is féidir uirlisí éagsúla a bheith i gceist le bearta frithchúitimh, ach is iondúil go mbíonn dleachtanna méadaithe i gceist leo. D’fhéadfadh dleacht ad valorem bhreise nó dleacht shonrach a bheith i gceist le beart frithchúitimh. Féadfaidh sé a bheith i bhfoirm íosphraghais allmhairiúcháin nó i bhfoirm 'gealltanas praghais', i gcás ina gcomhaontaíonn an t-onnmhaireoir an táirge a dhíol os cionn íosphraghais.

Faisnéis faoi rialacha agus bearta frith-fhóirdheontais an Aontais

Faisnéis faoi na himscrúduithe frith-fhóirdheontais uile atá curtha i gcrích agus atá ar siúl san Aontas