Comhaontú Comhlachais AE-an Éigipt
Tá Comhaontú Comhlachais AE-an Éigipt i bhfeidhm ó 2004 i leith. Cruthaítear leis limistéar saorthrádála idir an tAontas agus an Éigipt trí dheireadh a chur le taraifí ar tháirgí tionsclaíocha agus trí thrádáil táirgí talmhaíochta a éascú.
Tháinig comhaontú eile maidir le táirgí talmhaíochta, próiseáilte talmhaíochta agus iascaigh i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010.
I mí an Mheithimh 2013, chuir an tAontas agus an Éigipt tús le cainteanna faoi Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. Tá an chaibidlíocht ar feitheamh faoi láthair.
Rialacha tionscnaimh
Chun cáiliú do chóir fhabhrach (dleacht Chustaim níos ísle nó gan aon dleacht Chustaim), ní mór do do tháirge rialacha áirithe a chomhlíonadh lena sainítear a thionscnamh, na rialacha tionscnaimh, a leagtar síos sna Rialacha tionscnaimh sa Choinbhinsiún Uile-Eora-Mheánmhara
Féach an uirlis idirghníomhach ‘UirlisFéinmheasúnaithe maidir leis na Rialacha Tionscnaimh (ROSA)’i Mo Chúntóir Trádála chun a mheas an gcomhlíonann do tháirge na rialacha tionscnaimh agus chun a fháil amach conas na doiciméid chearta a ullmhú. Tuilleadh eolais ar fáil ar conas ROSA a úsáid