Liosta téarmaí sa ghluais:
Is ionann an giorrúchán agus ‘Athrú ar an gCaibidil’. Féach ‘Athrú ar rangú taraife’.
Cainníocht na n-earraí de chineál ar leith is féidir a allmhairiú isteach i dtír gan srian nó gan dleachtanna breise a fhorchur.
Faoi chuimsiú comhaontú trádála, an méid uasta réamhchinntithe d’earraí de thionscnamh tíre/críche sonraithe ar féidir leis tairbhe a bhaint as rátaí fabhracha dleachta tráth a n-allmhairithe.
Údaráis nó gníomhaireachtaí atá freagrach as dleachtanna a bhailiú agus as sreabhadh earraí a rialú, lena n-áirítear ainmhithe, iompar, earraí pearsanta agus guaiseacha, isteach i gcríoch chustaim agus amach aisti (amhail tír nó aontas custaim). Cuimsíonn feidhmeanna custaim gnéithe an chánachais, na slándála agus éascú na trádála.
Líonann an t-onnmhaireoir an dearbhú sonraisc (ar a dtugtar dearbhú tionscnaimh freisin) maidir le tionscnamh táirge, ar bhonn doiciméid tráchtála áirithe. Is é cuspóir an dearbhaithe seo a chruthú gur de thionscnamh tíre áirithe an táirge, faoi théarmaí socraithe áirithe trádála fabhraí. Tá ainm an doiciméid difriúil ag brath ar an socrú trádála fabhrach.
Sonraítear luach na n-earraí agus an phréimh árachais sa deimhniú árachais.
Deimhniú a éilíonn roinnt custaiméirí, tíortha allmhairíochta agus earnálacha tionscail, lena gcruthaítear go ndearna cuideachta cigireachta speisialaithe cigireacht ar cháilíocht agus ar chomhréireacht na n-earraí.
Doiciméad arna eisiúint ag na húdaráis rialtais inniúla lena ndeimhnítear an tír inar táirgeadh an t-earra. Mar shampla, éilítear teastas gluaiseachta EUR.1 nó EUR-MED le socruithe fabhracha AE le tíortha áirithe.
Dleacht a toibhíodh mar chéatadán de luach na seirbhísí nó na n-earraí atá á n-allmhairiú, seachas ar a meáchan nó ar líon na n-aonad.
Modh chun earraí a onnmhairiú i gcás ina mbeidh oibleagáidí an díoltóra comhlíonta a luaithe a bheidh na hearraí curtha ar fáil don cheannaitheoir ag an gceann scríbe ainmnithe sa tír allmhairíochta.
Iompraíonn an díoltóir na rioscaí agus na costais a bhaineann leis an iompar go dtí an suíomh sin, cé is moite de dhleachtanna, cánacha agus tobhaigh oifigiúla eile a bheidh iníoctha tráth an allmhairithe agus cé is moite de chostais na bhfoirmiúlachtaí custaim atá le comhlíonadh. Tá an ceannaitheoir faoi dhliteanas i leith aon dleachtanna, cánacha nó muirir oifigiúla eile a éilítear nuair a allmhairítear iad.