Liosta téarmaí sa ghluais:
Critéir chun tionscnamh a shuíomh. Meastar go bhfuil earra claochlaithe go leordhóthanach san AE nó sa tír chomhpháirtíochta nuair a athraíonn rangú taraife an earra i gcomparáid le rangú taraife na n-ábhar neamhthionscnaimh a úsáidtear sa táirge.
Ábhar gaolmhar:
Tagraíonn bacainn trádála d’aon rialachán nó d’aon bheartas lena gcuirtear srian ar thrádáil idirnáisiúnta, go háirithe taraifí, cuótaí, ceadúnais etc.
Ceann de na 27 thír ar cuid den Aontas Eorpach iad. Tuilleadh eolais
Baintear úsáid as ionstraimí cosanta trádála chun cothroime agus cothrom iomaíochta a athbhunú nuair a thagann allmhairí táirge ar leith ó thríú tír isteach san Aontas ar phraghsanna atá íseal go saorga, rud a dhéanann dochar do thionscal déantúsaíochta na hEorpa. Fágann siad gur féidir dleachtanna breise a chur le hallmhairí isteach san Aontas nuair atá trádáil éagórach á déanamh.
Ní féidir le hionstraimí cosanta trádála déileáil le praghsanna ísle ar allmhairí ach amháin má dhumpáiltear praghsanna den sórt sin, má thugtar fóirdheontais dóibh nó má spreagann siad borradh mór gan choinne ar allmhairí.
Ní dhéanann bearta cosanta trádála difear ach do thuairim is 1 % de mhéideanna iomlána allmhairí an Aontais.
Is éard atá i reachtaíocht cosanta trádála an Aontais, i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, ionstraimí maidir leis an méid seo a leanas:
• frithdhumpáil
• frith-fhóirdheontas
• coimircí
Is féidir beartacosanta a dhéanamh nuair a chuireann méadú gan choinne, géar agus tobann ar allmhairí de tháirge ar leith isteach ar thionscal agus nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go rachaidh táirgeoirí in oiriúint láithreach do staid na trádála atá ag athrú. Tá sé difriúil ó na hionstraimí frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais sa mhéid is nach ndéileálann sé le hallmhairí a thrádáiltear go héagórach, agus dá bhrí sin tá feidhm aige maidir le gach tír a onnmhairíonn an táirge.
Rialacha, bearta agus rialacháin atá ceaptha chun beatha agus sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí a chosaint, ar rioscaí a eascraíonn as breiseáin, as éilleáin, as tocsainí nó as orgánaigh is cúis le galair. Cinntíonn siad go bhfuil bia sábháilte lena chaitheamh.
Doiciméad atá ionadaíoch ar an gconradh iompair idir an lastóir agus an t-iompróir. Is cruthúnas é freisin ar úinéireacht na n-earraí.
Bunachar sonraí ar líne an Aontais le haghaidh taraifí custaim
https://ec.europa.eu/taxation_customs/dds2/taric/taric_consultation.jsp?Lang=en&SimDate=20200303
Tagraíonn sé do struchtúr an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus Códú Tráchtearraí, ar a dtugtar an Córas Comhchuibhithe (CC). Is uimhir 2-dhigit í caibidil; is uimhir 4-dhigit é ceannteideal; is uimhir 6 dhigit é fo-cheannteideal. Mar shampla: Caibidil 10: gránaigh; ceannteideal 10.06: rís; fo-cheannteideal 1006.30: rís leathmheilte nó rís lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh.
Cáin indíreach tomhaltais ar earraí agus ar sheirbhísí arna dtobhach ag gach díolphointe, arna forchur ar an leibhéal náisiúnta.
Ábhar gaolmhar: