An Córas Onnmhaireoirí Cláraithe (córas REX)

Ní mór d’onnmhaireoirí/táirgeoirí a bheith i dteideal féindeimhniú a dhéanamh ar thionscnamh fabhrach táirgí trí dhoiciméad tionscnaimh fabhrach a tharraingt suas (amhail ráiteas maidir le tionscnamhdearbhú tionscnaimh).

  • Ba cheartd’onnmhaireoir/táirgeoir atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil cláraithe go fóill iarratas a dhéanamh ar a bheith cláraithe i gcóras REX ar Thairseach Trádálaithe REX. Tá tuilleadh eolais faoin tairseach seo ar fáil anseo. Déanfaidh na húdaráis chustaim i do thír an t-iarratas a phróiseáil agus tabharfaidh siad uimhir uathúil REX duit agus beidh tú i do ‘onnmhaireoir cláraithe’. Ba cheart an uimhir REX sin a léiriú ar dhoiciméid tionscnaimh fhabhraigh (ráiteas maidir le tionscnamh, dearbhú tionscnaimh).
    Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir leis an bpróiseas clárúcháin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis chustaim atá i gceannas ar chlárú sa chóras REX sa Bhallstát lena mbaineann.
  • Mar ‘onnmhaireoir cláraithe’ atá bunaithe san Aontas, is féidir leat tionscnamh fabhrach táirge a fhéindeimhniú i gcomhaontuithe trádála uile an Aontais ina bhfuil córas REX i bhfeidhm amhail Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, Vítneam, an Cósta Eabhair, Gána, Oileán Mhuirís, na Séiséil, an tSiombáib Chomóra, Madagascar.
  • Ba cheartdo chuideachta atá bunaithe i dtír is tairbhí den GSP nó i dtír nach bhfuil san Aontas agus a bhfuil córas REX á chur i bhfeidhm aici (amhail an tSiombáib) iarratas a dhéanamh chun bheith cláraithe i gcóras REX tríd an bhfoirm iarratais atá ar fáil anseo a líonadh isteach. Ba cheart ansin an fhoirm iarratais sin a phriontáil, a shíniú agus a sheoladh chuig na húdaráis inniúla, agus déanfar an clárú ansin agus sannfar uimhir REX dó.
  • Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar:
    — An leathanach gréasáin maidir le córas REX: https://ec.europa.eu/taxation_customs/online-services/online-services-and-databases-customs/rex-registered-exporter-system_en
    - Treoir ar Chóras Onnmhaireoirí Cláraithe: https://ec.europa.eu/taxation_customs/document/download/e52c2675-8de0-4794-b8c3-c4fd45c592e5_en
Roinn an leathanach seo: