Nósanna imeachta gan pháipéar do mhonaróir páipéir
Bhí an comhaontú trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv ríthábhachtach chun an margadh a scaoileadh Heli Sander, Bainisteoir Seolta, Finha Trading
D’fhéadfadh próisis gan pháipéar a bheith ina tromluí do roinnt monaróirí páipéir athchúrsáilte, ach ní do chuideachta Fionlannach Finha Trading atá lonnaithe in Porvoo. Le féinmheasúnú digiteach, nósanna imeachta custaim comhchuibhithe agus taraifí níos ísle, bhí comhaontú trádála an Aontais leis an Moldóiv fíorluachmhar chun borradh a chur faoi onnmhairí páipéir athchúrsáilte Finha chuig an tír. Féach ar an bhfíseán chun a fháil amach conas a d’oscail nósanna imeachta simplithe agus níos trédhearcaí margadh nua don mhonaróir páipéir athchúrsáilte sin de chuid na Fionlainne.
Cuidíonn Finha Trading le méideanna móra páipéir a athchúrsáil a bhuí le comhaontú trádála an Aontais leis an Moldóiv’, Juha Ylitalo, Stiúrthóir Bainistíochta Finha Trading.