Torthaí cuardaigh ón ngluais le haghaidh "D" (14)
Liosta téarmaí sa ghluais:
Cáin ar chainníocht, seachas luach na n-earraí — mar shampla N euro in aghaidh an heictilítir alcóil a dhíoltar. Is dleacht é seo a íoctar chun táirgí áirithe a thomhailt. Toibhítear go ginearálta ar alcól, ar thobac, ar tháirgí fuinnimh (ola, gás, etc.), ar fheithiclí agus ar tháirgí “sócúla”.
Is dleachtanna ar allmhairí a fhorchuirtear faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) iad dleachtanna frithchúitimh, ar a dtugtar dleachtanna frith-fhóirdheontais freisin, agus tá sé mar aidhm leo éifeachtaí diúltacha fóirdheontas a neodrú. Forchuirtear iad tar éis imscrúdaithe a fháil amach go bhfuil tír eachtrach ag fóirdheonú a honnmhairí, a dhéanann díobháil do tháirgeoirí intíre sa tír allmhairíochta.
Ábhar gaolmhar:
Dleachtanna frithchúitimh ar earraí ar tugadh fóirdheontas ina leith
Doiciméad riaracháin a úsáidtear san Aontas Eorpach le haghaidh trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le haghaidh gluaiseacht earraí neamh-AE laistigh den Aontas. Áirithíonn an SAD oscailteacht i gceanglais náisiúnta riaracháin, déantar réasúnú agus laghdú ar pháipéarachas, íoslaghdaítear an méid faisnéise a iarrtar, déantar caighdeánú air agus comhchuibhítear na sonraí.
Tarlaíonn sé nuair a onnmhairíonn tír nó cuideachta táirge ar phraghas atá níos ísle ná an praghas i margadh intíre an onnmhaireora, chun sciar den mhargadh a fháil agus díobháil a dhéanamh d’iomaitheoirí eile.