25 Aibreán 2024

Seirbhísí agus infheistíocht: tíortha nua, faisnéis nua

Leathnaítear an Cúntóir Trádála le haghaidh Seirbhísí agus Infheistíochta a thuilleadh! Cuirtear faisnéis leis anois faoi na príomhcheanglais maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh seirbhísí onnmhairiúcháin i 3 thír: Hong Cong, an Iorua agus na Stáit Aontaithe. Beidh sé ar fáil ón 30 Aibreán 2024 i 24 theanga do na hearnálacha seo a leanas - cuirfear tuilleadh leis go luath!

  • An Iorua: seirbhísí gnó agus gairmiúla; seirbhísí cúiréireachta; seirbhísí taighde agus forbartha; seirbhísí comhshaoil
  • Hong Cong: seirbhísí tógála agus seirbhísí cúiréireachta
  • SAM: seirbhísí cúiréireachta

Ná déan dearmad gur féidir leat faisnéis a fháil cheana féin le haghaidh níos mó ná 100 earnáil seirbhísí i 4 thír (Ceanada, an tSeapáin, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe)

Roinn an leathanach seo: