Téarma gluaise:

Costas agus lasta

I gconradh ina sonraítear gur díol CFR atá i gceist, íocann an díoltóir as earraí a iompar de mhuir chuig an gcalafort cinn scríbe agus cuireann sé na doiciméid is gá chun na hearraí a fháil ón iompróir ar fáil don cheannaitheoir. Is ar an díoltóir freisin a thiteann na costais a bhaineann le luchtú ar na longa, le foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin agus le hárachas muirí.

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa