Torthaí cuardaigh ón ngluais le haghaidh "R" (13)
Liosta téarmaí sa ghluais:
Liosta d’oibríochtaí oibrithe nó próiseála nach mór a dhéanamh ar ábhair neamhthionscnaimh chun go bhfaighidh an táirge stádas tionscnaimh (agus, dá bhrí sin, go dtairbheoidh sé den chóir fhabhrach taraife dá bhforáiltear faoin socrú fabhrach trádála sin). Is cuid den Phrótacal/Chaibidil maidir le rialacha tionscnaimh i ngach socrú fabhrach iad na rialacha sin.
Ábhar gaolmhar:
Is iad na rialacha tionscnaimh na critéir is gá chun foinse náisiúnta táirge a chinneadh. Eascraíonn a dtábhacht as go mbraitheann dleachtanna agus srianta i roinnt cásanna ar fhoinse na n-allmhairí. Tá difríochtaí móra idir rialacha tionscnaimh ó thír go tír agus ó chomhaontú trádála go comhaontú trádála Cé go n-aithnítear go huilíoch an ceanglas maidir le claochlú substaintiúil, cuireann roinnt tíortha nó comhaontuithe trádála an critéar maidir le hathrú ar aicmiú taraife i bhfeidhm, cuireann tíortha eile an critéar céatadáin ad valorem i bhfeidhm agus cuireann tíortha eile an critéar maidir le hoibríocht mhonaraíochta nó phróiseála i bhfeidhm freisin.
Ábhar gaolmhar:
Na critéir a úsáidtear chun foinse náisiúnta táirge a chinneadh faoi chomhaontuithe trádála, lena gceadaítear d’earraí taraifí nó díolúintí laghdaithe a fháil.
Ábhar gaolmhar: