Ainmníocht Chomhcheangailte agus Comhtharaif Chustaim is infheidhme san Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2025
An 31 Deireadh Fómhair, foilsíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2522 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.
Bunaítear leis an Rialachán seo an leagan is déanaí den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus den Chomhtharaif Chustaim is infheidhme ón 1 Eanáir 2025.
Ar mhaithe leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) a nuachóiriú, tugadh isteach fo-cheannteidil nua chun faireachán ar earraí sonracha a éascú, amhail:
- ‘Siorcanna agus eití siorca’ (Cód AC 0302 81 50, 0302 81 70, 0303 81 50, 0303 81 80, 0303 92 15, 0303 92 30, 0303 92 40, 0303 92 50, 0303 92 90, 0304 88 22, 0304 88 29, 0305 71 15, 0305 71 30, 0305 71 40, 0305 71 50 agus 0305 71 90) i gCaibidil 3
- ‘Trátaí’ (cóid AC 0702 00 10, 0702 00 91 agus 0702 00 99) i gCaibidil 7
- ‘Bithbhreoslaí’ (cóid AC 2710 19 42, 2710 19 44, 2710 91 10 agus 2710 91 90), i gCaibidil 27
- ‘Úire leachtach’ (Cóid AC 3102 10 12, 3102 10 15 agus 3102 10 19), i gCaibidil 31
- ‘Dramhaíl adhmaid agus clúdach urláir lannáin’ (Cóid AC 4401 49 10, 4401 49 90, 4411 13 91, 4411 13 93, 4411 14 91 agus 4411 14 93) i gCaibidil 44
- ‘Lannáin chruach agus croíleacáin státair agus rótair’ (Cóid AC 8503 00 20, 8503 00 98, 8521 10 00, 8527 21 30, 8528 71 00, 8529 90 30, 8529 90 93 agus 8529 90 96), i gCaibidil 85.
Is í an Ainmníocht Chomhcheangailte an creat bunúsach chun earraí a dhearbhú le linn a n-allmhairithe isteach san Aontas Eorpach nó le linn a n-onnmhairithe amach as, agus chun staidreamh trádála laistigh den Aontas a thiomsú.