Téarma gluaise:

Oibriú nó próiseáil neamhleor

Oibríochtaí a mheastar a bheith róbheag chun stádas tionscnaimh a thabhairt d’ábhair neamhthionscnaimh a úsáidtear sa táirgeadh. I ngach riail fhabhrach tionscnaimh tá airteagal lena sainítear oibríochtaí den sórt sin. Is iad sin e.g. meascadh simplí, cóimeáil shimplí páirteanna, agus iarnáil teicstílí. Ar an taobh eile, tá oibríochtaí neamhleora tábhachtach le haghaidh carnadh toisc go leagtar síos leo an t-íosleibhéal próiseála nach mór a dhéanamh agus go mbíonn tionchar acu ar leithdháileadh an tionscnaimh ar an táirge.

Ábhar gaolmhar:

Rialacha tionscnaimh