Téarma gluaise:

Caibidlí, ceannteidil agus fo-cheannteidil

Tagraíonn sé do struchtúr an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus Códú Tráchtearraí, ar a dtugtar an Córas Comhchuibhithe (CC). Is uimhir 2-dhigit í caibidil; is uimhir 4-dhigit é ceannteideal; is uimhir 6 dhigit é fo-cheannteideal. Mar shampla: Caibidil 10: gránaigh; ceannteideal 10.06: rís; fo-cheannteideal 1006.30: rís leathmheilte nó rís lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh.

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa