Smachtbhannaí curtha ag an gCoimisiún ar onnmhaireoirí earraí boird Síneacha chun dleachtanna frithdhumpála an Aontais a sheachaint
Rinneadh an cinneadh tar éis imscrúdú críochnúil a sheol an Coimisiún ar a thionscnamh féin (ex officio) i mí an Mhárta i mbliana, i bhfianaise an mhéadaithe mhóir a tháinig ar onnmhairí roinnt cuideachtaí Síneacha le cúig bliana anuas (2014-2018).
Deimhníodh
san imscrúdú go bhfuil cuideachtaí Síneacha ag seachaint dleachtanna frithdhumpála thart ar 36 % trína n-onnmhairí ceirmeacha a threorú trí chuideachtaí eile a bhí faoi réir dleachtanna frithdhumpála níos ísle de thart ar 18 %.
Na cuideachtaí Síneacha — níos mó ná 30 san iomlán — ar chabhraigh siad chun dul timpeall ar na dleachtanna, beidh siad faoi réir an ráta dleachta níos airde de thart ar 36 % dá thoradh sin.
Beidh feidhm ag na dleachtanna
nua ón 21 Márta 2019 ar aghaidh, agus baileofar thart ar EUR 15 mhilliún i ndleachtanna go haisghníomhach.
Is é seo an t-imscrúdú frith-imchéimniúcháin is mó de chuid an Choimisiúin go dtí seo. Bhí acmhainní an-suntasach i gceist leis, agus rinne 20 imscrúdaitheoir de chuid an Choimisiúin fíoruithe ar an láthair ag 50 cuideachta Shíneacha.
Cúlra
Tá bearta frithdhumpála á gcur i bhfeidhm ag an Aontas ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine ón tSín ó mhí na Bealtaine 2013 i leith. I mí Iúil 2019, chinn an Coimisiún síneadh 5 bliana eile a chur leis na bearta, ós rud é gur leanadh de na cleachtais dumpála.
Tá tionscal na n-earraí boird agus na cistine laistigh den Aontas Eorpach an-ilroinnte, agus tá líon mór FBManna i gceist le thart ar leath de. Tá thart ar 27 000 fostaí ag obair go díreach san earnáil, ag freastal ar chustaiméirí Eorpacha le táirgí ardchaighdeáin. Tá sciar thart ar 30 % den mhargadh ag táirgeoirí na hEorpa, ach tá sciar níos mó ná 55 % den mhargadh ag táirgeoirí na Síne laistigh den Aontas Eorpach. Cuideoidh bearta an lae inniu le hiomaíocht chóir a athbhunú.
Tuilleadh eolais
Rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frith-imchéimniúcháin Beartas cosanta trádála
an Aontais Eorpaigh