Scéal na cuideachta:

Comhaontuithe de chuid an Aontais cothrom le cothrom na Féinne san Úcráin

Comhaontuithe de chuid an Aontais cothrom le cothrom na Féinne san Úcráin

Ó cuireadh i gcrích an comhaontú trádála idir an tAontas agus an Úcráin in 2016, tá athruithe feicthe againn maidir le
Dušan Kožušník, Príomhfheidhmeannach, COMPELSON

Is fadhbanna idirnáisiúnta iad an choireacht agus an sceimhlitheoireacht agus is mian le COMPELSON, atá lonnaithe i bPrág na Seice, réitigh idirnáisiúnta a thabhairt chun saoránaigh a choimeád slán sábháilte. Cuireann an comhlacht bogearraí ar fáil lenar féidir imscrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar fhóin phóca, a úsáideann na póilíní chun críocha ceartais choiriúil. Ó tugadh isteach an comhaontú trádála leis an Úcráin in 2016, tá tairbhe bainte ag COMPELSON as páipéarachas laghdaithe agus iad ag trádáil leis an tír sin. Is é an buntáiste is mó, áfach, ná níos mó trédhearcachta sa soláthar poiblí agus, mar thoradh air sin, rochtain níos fearr ar chonarthaí ardleibhéil. Tá na conarthaí sin foilsithe go hoscailte anois, rud a ligeann do sholáthraithe san Úcráin agus san Aontas cur isteach ar chothrom iomaíochta. Féach ar an bhfíseán le fáil amach conas is féidir le do ghnólacht tairbhe a bhaint as comhaontuithe trádála an Aontais freisin.

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa