Scéal na cuideachta:

Cothrom na Féinne san Úcráin a bhaint amach le comhaontuithe an Aontais

Cothrom na Féinne san Úcráin a bhaint amach le comhaontuithe an Aontais

Ó tugadh comhaontú trádála an Aontais leis an Úcráin i gcrích in 2016, tá athruithe feicthe againn chun feabhas a chur ar
Dušan Kožušník, POF, Compelson

Is fadhbanna idirnáisiúnta iad an choireacht agus an sceimhlitheoireacht agus tá Compelson, atá lonnaithe i bPrág na Seicia, ag iarraidh réitigh idirnáisiúnta a thabhairt chun saoránaigh a choinneáil slán. Soláthraíonn an chuideachta bogearraí a chumasaíonn imscrúdú fóiréinseach ar fhóin phóca, a úsáideann na póilíní chun críocha ceartais choiriúil. Ó tugadh isteach an comhaontú trádála leis an Úcráin in 2016, tá tairbhe bainte ag Compelson as páipéarachas laghdaithe agus é ag trádáil leis an tír seo. Ba é an buntáiste ba mhó, áfach, trédhearcacht níos fearr sa soláthar poiblí agus, mar thoradh air sin, rochtain níos fearr ar chonarthaí ardleibhéil. Foilsítear na conarthaí sin go hoscailte anois lena gceadaítear do sholáthróirí san Úcráin agus san Aontas tairiscint a dhéanamh ar chothroime iomaíochta. Féach ar an bhfíseán le fáil amach conas is féidir le do ghnólacht tairbhe a bhaint as comhaontuithe trádála an Aontais freisin.

Roinn an leathanach seo: