Téarma gluaise:

Córas na bpraghasanna Iontrála (AE)

Bunaítear leis an “gCóras Praghsanna Iontrála” tairseach íosta praghsanna ar cheart go bhfanfadh praghas na dtáirgí allmhairithe os a cionn. Tá feidhm aige maidir le hallmhairí 15 chineál torthaí agus glasraí úra chun a tháirgeoirí a chosaint ar iomaíocht idirnáisiúnta. Braitheann na tairseacha sin ar an táirge, ar an tír chomhpháirtíochta agus ar an séasúr. Tá feidhm ag EPS i dteannta taraifí allmhairiúcháin ad valorem.

Roinn an leathanach seo: