Rialachán an Aontais maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR): Ré Nua i gCosaint na dTomhaltóirí
Infheidhme ón 13 Nollaig 2024, gabhann Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, ar a dtugtar an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR) freisin, ionad na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, agus téann sé isteach i ré nua cosanta tomhaltóirí.
Tá feidhm ag GPSR maidir le táirgí tomhaltais, ach ba cheart dóibh siúd atá deartha go heisiach d’úsáid ghairmiúil agus a shroicheann margadh an tomhaltóra ina dhiaidh sin é a chomhlíonadh freisin.
Comhlánaíonn sé reachtaíocht sábháilteachta shonrach eile de chuid an Aontais lena gcumhdaítear aon ghné agus riosca breise nach dtugtar aghaidh orthu le ceanglais na reachtaíochta sonraí sin.
Tugtar isteach leis an Rialachán roinnt athruithe tábhachtacha a dhéanann difear d’oibreoirí eacnamaíocha (EOnna) agus d’údaráis araon, agus é mar aidhm leis caighdeáin sábháilteachta táirgí a fheabhsú ar fud an Aontais.
Príomhathruithe a tugadh isteach leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí
- Cumhdach níos leithne táirgí: Cuimsíonn an rialachán anois raon níos leithne táirgí, lena n-áirítear iad siúd a dhíoltar ar líne, nua, úsáidte, deisithe nó athchóirithe. Tugtar isteach leis freisin liosta díolúintí:
- táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta,
- bia agus beatha,
- plandaí agus ainmhithe beo, orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus miocrorgánaigh in úsáid shrianta,
- seachtháirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe,
- táirgí cosanta plandaí,
- trealamh iompair arna oibriú ag soláthraí seirbhíse,
- aerárthaí a mbaineann riosca íseal leo,
- seandachtaí,
- táirgí atá marcáilte go soiléir le deisiú nó le hathchóiriú sula n-úsáidfear iad.
- Measúnú riosca neartaithe: Ní mór do EOnna measúnuithe riosca níos déine a dhéanamh ar feadh shaolré an táirge.
- Cuntasachtmhéadaithe do EOnna: Cuirfear cúraimí a bhaineann le sábháilteacht gach táirge a chumhdaítear leis an rialachán ar iontaoibh oibreoir eacnamaíoch freagrach san Aontas (monaróir de chuid an Aontais, allmhaireoir, ionadaí údaraithe nó soláthraí seirbhíse comhlíonta).
- Faireachas margaidh feabhsaithe: Tá níos mó cumhachtaí ag údaráis náisiúnta cigireachtaí níos éifeachtaí a dhéanamh ar tháirgí agus beart a dhéanamh i gcoinne cinn neamhshábháilte. Athainmnítear RAPEX, an córas mear-rabhaidh do tháirgí contúirteacha, anois mar “Safety Gate” agus díríonn sé ar mhalartú faisnéise níos fearr maidir le bearta a dhéantar i gcoinne táirgí contúirteacha neamhbhia.
- Cumhachtú tomhaltóirí: Leis an rialachán, cuirtear tuilleadh faisnéise agus uirlisí ar fáil do thomhaltóirí chun táirgí neamhshábháilte a thuairisciú.
- Ionchorpraíodhbearta cibearshlándála agus gnéithe a bhaineann leis an intleacht shaorga chun táirgí a chosaint ar bhagairtí seachtracha agus chun cumas forbartha táirgí, cumas foghlama agus cumas tuarthach a chumasú.
Murab ionann agus an Treoir a aisghairtear leis, tá an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (GPSR) infheidhme go díreach sna Ballstáit.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag:
- Reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí: https://ec.europa.eu/safety-gate/#/screen/pages/productSafetyLegislation
- Achoimrí ar reachtaíocht an AE: Rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (2023): https://eur-lex.europa.eu/EN/legal-content/summary/general-product-safety-regulation-2023.html
- Sábháilteacht táirgí an Aontais: https://commission.europa.eu/business-economy-euro/doing-business-eu/eu-product-safety-and-labelling/product-safety_en