Téarma gluaise:

Na tíortha is lú forbraíocht

Is tíortha ísealioncaim iad na tíortha is lú forbairt a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar mhórbhacainní struchtúracha ar an bhforbairt inbhuanaithe. Tá siad an-leochaileach i leith suaití eacnamaíocha agus comhshaoil agus tá leibhéil ísle sócmhainní daonna acu. Faoi láthair tá 47 tír ar liosta na LDCanna a ndéantar athbhreithniú orthu gach trí bliana. Tá rochtain eisiach ag na tíortha is lú forbairt ar bhearta tacaíochta idirnáisiúnta áirithe, go háirithe i réimsí an chúnaimh forbartha agus na trádála.

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa