Téarma gluaise:

Scéim na bhFabhar Ginearálaithe

Córas trádála a dheonaíonn taraifí fabhracha aontaobhach do thíortha áirithe ar bhonn neamhchómhalartach. D’fhormheas CGTT é in 1971, rud a cheadaigh do chomhaltaí tionsclaithe fabhair taraife aon-slí a ghlacadh i bhfabhar tíortha i mbéal forbartha.

Rinneadh an tarscaoileadh níos ginearálta agus níos buaine in 1979 nuair a glacadh “clásal cumasaithe” lena gceadaítear do thíortha tionsclaithe bearta a chur chun feidhme lena leathnaítear “cóir dhifreálach níos fabhraí” chuig tíortha i mbéal forbartha.

Sheol an AE an córas fabhrach sin in 1971 chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha níos mó dá dtáirgí a dhíol i dtíortha tionsclaithe agus a dtionscal féin a fhorbairt. Deonaítear fabhair GSP d’onnmhairí táirgí sonracha ó thíortha áirithe.

Roinn an leathanach seo: