01 Eanáir 2024

Ainmníocht Chomhcheangailte agus Comhtharaif Chustaim is infheidhme san Aontas ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh

An 31 Deireadh Fómhair, foilsíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2364 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.

Bunaítear leis an Rialachán seo an leagan is déanaí den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus den Chomhtharaif Chustaim is infheidhme ón 1 Eanáir 2024.

Ar mhaithe leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) a nuachóiriú, tugadh fo-cheannteidil nua isteach chun faireachán ar earraí sonracha a éascú, amhail:

  • ‘Plátano de Canarias’ (cód AC 0803 90 11) i gCaibidil 8,
  • ‘Trátaí ullmhaithe nó leasaithe i neasphacálacha éagsúla’ (cóid AC 2002 10 11, 2002 10 19, 2002 90 20) i gCaibidil 20,
  • ‘Dramhaíl phlaisteach’ (cóid AC 3915 10 10, 3915 10 20, 3915 90 20, 3915 90 70), i gCaibidil 39,
  • Síoda — fo-cheannteideal 5007 20 ‘Fabraicí eile, a bhfuil cion 85 % nó níos mó de shíoda nó de dhramhaíl síoda seachas síoda nite iontu de réir meáchain’, simplíodh í i gCaibidil 50,
  • ‘Dramhaíl agus fuíoll fabraicí dúnta eile as caisirníní snáithíní gloine’ (cóid AC 7019 62 10, 7019 62 90) i gCaibidil 70,
  • ‘Cuid de shuíocháin mótarfheithiclí’ (cód AC 9401 99 20) i gCaibidil 94.

Is í an Ainmníocht Chomhcheangailte an bunús do dhearbhú earraí tráth a n-allmhairithe isteach san Aontas Eorpach nó a n-onnmhairithe amach as agus do staidreamh trádála laistigh den Aontas.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil in:

Roinn an leathanach seo: