28 Deireadh Fómhair 2022

Custaim: tagann comhaontú nua i bhfeidhm an 1 Samhain chun sreafaí trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv a fheabhsú

Ciallaíonn na socruithe nua go dtabharfaidh an tAontas agus Poblacht na Moldóive araon aitheantas frithpháirteach do chláir Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEOnna) a chéile, lena dtabharfar le chéile trádálaithe a chomhlíonann critéir áirithe agus ar féidir leo, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as socruithe simplithe custaim.

Amhail ón 1 Samhain, cuirfidh an tAontas agus an Mholdóiv araon sochair chómhalartacha ar fáil d’AEOnna a chéile, amhail níos lú rialuithe custaim agus cóireáil tosaíochta ag imréiteach custaim. Is céim mhór chun cinn é an comhaontú sa chaidreamh trádála idir an tAontas agus an Mholdóiv. Cuirfidh sé borradh breise faoi dheiseanna trádála agus cuirfidh sé le sreabhadh réidh earraí idir an dá thaobh, gan ardchaighdeáin slándála a chur i mbaol. Tráth a mbeidh gach tacaíocht de dhíth ar ghnólachtaí chun an ghéarchéim leanúnach a shárú mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, fágfaidh an comhaontú go mbeidh trádáil níos éasca agus níos saoire do go leor trádálaithe de chuid an Aontais agus na Moldóive.

Tá an caidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive á threorú ag an gComhaontú Comhlachais, lena n-áirítear Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Saorthrádála (DCFTAnna). Oibríonn an AE i gcomhar leis an Moldóiv faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus a ghné réigiúnach thoir, Comhpháirtíocht an Oirthir, chun an Mholdóiv a thabhairt níos gaire don AE. Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv, arb ionann é agus 52.2 % dá trádáil iomlán. B’ionann onnmhairí an Aontais chuig an Moldóiv agus EUR 3.8 billiún in 2021.

Roinn an leathanach seo:

Naisc thapa